Fonn, féile agus filíocht – trí bhua nach féidir a fhoghlaim
Tá glór binn, sainiúil Mhairéad Ní Fhlatharta ar cheann de sheoda an dlúthdhiosca seo: tá a cumas iontach mar fhonnadóir lena mbaineann sí casadh nua as filíocht ársa, cheolmhar na n-amhrán mar bhua eile aici.
Aithníonn muid lorg an turais cheoil atá déanta aici: fréamhacha a muintire sna hamhráin mhóra a d’fhoghlaim Mairéad faoi stiúir an tsárfhonnadóra Peatsaí Ó Ceannabháin, na hamhráin nua a cumadh agus a chuala sí ag fás aníos agus a chasann sí le beocht agus le croí.