Binneas iontach agus éagsúlacht fhairsing i measc na gceithre amhrán déag atá le cloisteáil i dteannta a chéile den chéad uair ina saol ó Shíle atá sa tseoid seo. Amhráin ina teanga dhúchais féin agus a chuala sí cois teallaigh ó bhí sí ina girseach óg i mBaile an tSléibhe atá i riar maith acu, ina bhfuil macallaí a muintire féin agus an Spidéil le cloisteáil in amhráin mar ‘An Draighneán Donn’, ‘Brídín Bhéasaigh’ agus ‘Casadh an tSúgáin’, amhráin a chuir Antaine Ó Domhnaill, Finín ÓConnláin agus Pádhraic Ó Ciardha, grásta ó Dhia orthu, go mór i gcuimhne dhom. Tá tuilleadh den lear mór atá curtha lena stór aici ó d’fhág sí baile agus b’fhéidir ceann nó dhó a thug sí léithe ó aimsir scoile, mar dhalta, nó mar mhúinteoir, a bhfáilteoidh an saol Fódlach rompu. – Meaití Jó Shéamuis, 29 Bealtaine 2009