Tá an soilíos is mó riamh déanta anois agat, a Nan. Is do phobal na tíre agus na cruinne a thugann gnaoi d’amhránaíocht an fhíorshean-nóis, atá déanta an iarraidh seo…
– Meaití Jó Shéamuis
Tá Áine Bean Mhaitiú ag éisteacht le hamhráin ón gcliabhán. Bhí traidisiún na hamhránaíochta go tréan ar an dá thaobh aici, agus i measc a cuid comharsan agus í ag fás aníos i Ros a’ Mhíl. Suigh siar leis an albam speisialta seo, dún do shúile, agus bain súp as, mar a déarfadh an Ciarraíoch. Tabharfaidh sé na laochra móra chun cuimhne duit.