Ba file béil nó file pobail é Colm de Bhailís, agus is minic agus is flúirseach a chuid amhrán fós i mbéal an phobail. Tá idir bheocht agus bhinneas, chora snasta cainte, shamhlaoidí áille agus ghreann go dlúth in amhráin Choilm de Bhailís, a chuaigh go mór i gcion ar phobal Chonamara.
Cuireadh an t-albam seo le chéile i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta.
D’fhoilsigh Conradh na Gaeilge an leabhar Amhráin Choilm de Bhailís sa mbliain 1904. Nuair a bhí an leabhar á fhoilsiú chum Colm cúpla rann go speisialta mar bhrollach don leabhar:
A leabhair atá anois faoi chló,
Imigh romhat thré Éire uaim;
Amhráin ghreannmhar’, amhráin bheo!
Nach deas, ar ndóigh, an féirín thú?
Tá ‘n Ghaeilge ag éirí arís i réim;
Tá meas ag teacht ar ár gclainn;
Tá siad ag troid le buille béim;
Is gearr go mbeidh lucht Béarla gann.
Thré Chúige Chonnacht déan do thriall,
Go Laighin na bhFiann is go Cúig’ Uladh,
Go Cúig Mumhan is go Manainn thar muir,
Go hAlbain soir is go Londain mhór.
Is cinnte go ndearna an leabhar taisteal mór ó thús an chéid agus bheadh go leor de shaibhreas Choilm caillte murach é. Anois ag deireadh an chéid agus saothar Coilm le fáil ar dhlúthcheirnín agus caiséad is é ár nguí go mbeidh a chuid amhrán agus dréachtaí filíochta le cloisteáil ag pobail éagsúla ar fud an domhain. Nach air féin a bheadh an ríméad… agus cá bhfios nach gcumfadh sé cúpla stéibh faoi!
Ar an 2 Feabhra 1796 a tháinig Colm de Bhailís ar an saol i Leitir Mealláin na Gaillimhe. Fear ceirde a bhí ann a rinne to leor taistil agus é ag obair ar bháid, ar thithe agus araile. Deirtear gur chaith sé bliain i gCathair na Mart Mhaigh Eo, aon bhliain déag i gCill Rois, Contae an Chláir agus tréimhse ar an Tulach Mhór i Uibh Fhailí.
Fear é a d’fhulain cruatan agus anró le linn a shaol – agus gan amhras, saol fada a bhí aige! Phós sé dhá uair agus bhí sé os cionn céad bhliain d’aois nuair a cailleadh a dhara bean. Cuireadh isteach i dTeach na mBocht in Uachtar Ard é an uair úd ach tógadh amach as arís é i ndiaidh don Phiarsach airgead a bhailiú chuige sin.
Fuair Colm de Bhailís bás san ospidéal ar an 27 Feabhra 1906 agus beagnach 110 bliain scoite aige!
Maidir le cumadóireacht Cholm de Bhailís, file béil nó file pobail a bhí ann, agus mar a deir Aodh Mac Dhubháin, “bheadh sé seafóideach bheith ag súil le smaointe teicniúil nó le cumadóireacht a bheadh ar an gcothrom céanna i gcónaí maidir le ceolmhaireacht agus binneas” ina chuid amhrán.
Tá idir bheocht agus binneas, cora snasta cainte, samhlaoidí áille agus greann go dlúth in amhráin Choilm de Bhailís, áfach, agus mar a deir Mac Dhuibháin; “Murach na buanna sin ní ghabhfaidís i gcion chomh ór sin ar phobal Chonamara nó ní bheifí dá n-aithris ar bhéal na ndaoine anuas go dtí an lá atá inniu ann.”
…Agus, ar ndóigh, bua amhráin a chasadh!
Buíochas do Cholm Mac Donncha a rinne an chuid is mó den taifeadadh ar an albam seo agus freisin do Neansaí Ní Choisdealbha, Séamus Ó Fátharta, Tom Williams agus Fíona Kelly.
Buíochas speisialta do Raidió na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta.
Liosta na Traiceanna
- Colm de Bhailís, Filíócht le Learaí Ó Finneadha
- Colm de Bhailís agus Réamhrá don Chúirt, Aodh Mac Dhubháin
- Cúirt an tSrutháin Bhuí, Máirtín Tom Sheáinín / Micil Phádraic Mhicilín Ó Clochartaigh
- Micheál Ó Clochartaigh, Caint le Seosamh Ó Cuaig
- Cnoc Leitir Móir, Máirtín Ó Tuathail
- Pádraig Ó Muireáin, Aithriseoireacht le Máirtín Jamesie
- Caint le hAodh Mac Dhubháin
- An tSíog Mhallaithe, George Brock
- Brídín, Máire Chóil Neaine Uí Dhonncha
- An Bhruinneall Dheas, Meaití Joe Shéamais Ó Fátharta
- Amhrán an Tae, Tomás Mac Eoin, Máirtín Tom Sheáinín, Ann Marie Nic Dhonncha
- Eibhlín Ní Fhlaithearta, Sarah Ghriallais
- Beairtlín an Gadaí, Máirtín Chóil Neaine Mac Donncha
- An Seanduine Cam, Aodh Mac Dhubháin, Ann Marie Nic Dhonncha, Máirtín Tom Sheáinín
- A Cholainn Cuimhne ar do Chríoch, Aithriseoireacht le Máirtín Jamesie
- Réamhrá don Bhás, Aodh Mac Dhubháin
- An Bás, Máire Chóil Neaine Uí Dhonncha
- Lá dá rabhas ar Fuaidreabh, Máirtín Ó Tuathail
- Réamhrá don Ghreasaí, Aodh Mac Dhubháin
- An Gréasaí, Máire Bn. Uí Nia
- Saol Cholm de Bhailís, Aodh Mac Dhubháin