Tá a bhranda fuinniúil féin ar a chuid amhrán go léir ag Meaití, ina samhlaím go gcloisim meascán mealltach dá chuid ornáidíochta píobaireachta agus dá mheanma croíúil fonnadóireachta.
– Liam Mac Con Iomaire
As na hAille i gConamara do Mheaití Jó Shéamuis Ó Fátharta, amhránaí a bhfuil aithne go forleathan air i measc lucht an cheoil ar fud na tíre seo agus thar lear. Is fonnadóir den scoth é. Thug sé Corn Uí Riada leis i 2001. Lena chois sin is ceoltóir sciliúil é ar an bpíb uilleann agus ar an bhfeadóg mhór.
Is é seo an chéad albam aonair ó Mheaití, agus is fada a lucht éisteachta ag fanacht air. Tá saibhreas amhránaíochta ar an taifeadadh seo nach bhfuil a shárú le fáil, ina measc leaganacha áitiúla de An Bhó Bán agus An Sagart Ó Domhnaill. Ar ndóigh, tá Bóithríní an Locháin, an t-amhrán is mó a luaitear le Meaití, le cloisteáil ar an albam chomh maith, agus deir sé féin faoin leagan áirithe seo gurb é an ceann is cruinne agus is gaire é den chaoi ar chuir fear a chumta, Pádhraic Learaí Ó Finneadha, é.
Tá rian portaireachta béil, mar aon le trí rian ceoil, ar Bóithríní an Locháin; rian amháin ar a gcloisimid ceol bhinn ar an bhfeadóg mhór ó Mheaití agus ó Neansaí Ní Choisdealbha; agus dhá rian eile ceoil le Meaití ar na píobaí i gcomhluadar Neansaí Ní Choisdealbha (feadóg mhór), Aisling Ní Neachtain (cláirseach), Johnny Connolly (mileoidean), Luisne Ní Neachtain (fidil), Micheál Deáirbí Ó Fátharta (mileoidean) agus Tommy Ó Méalóid (bosca).