Carúil Nollag

12.00

Stoc ar fáil

Bailiúchán d’amhráin Nollag á gcanadh go binn ag Cór Chois Fharraige. Dosaen amhrán atá le coisteáil ar an albam Carúil Nollag ina measc In dulci jubilo, Téanaí ag an mainséar, agus Tá sé beirthe naomh-aon Dé.

Roghnaíodh na carúil as rogha iomann a bhí aistrithe go Gaeilge den chéaduair ag múinteoir bunscoile as Caisleán Ghriaire i gContae Chiarraí ó dhúchas, Tadhg Ó Séaghdha a rugadh sa bhliain 1906.  Tháinig Ó Séaghdha go Conamara i mbun múinteoireachta i Scoil Sailearna, Cnoc na hAille i bhfichidí an chéid seo caite. Ceapadh ina phríomhoide ar Scoil na Tulaí é sa bhliain 1936 agus chuir sé féin is a bhean futhu i Ros an Mhíl.

Bhí cúram chór an tséipéil ar Thadhg ar an Tulaigh agus i Ros an Mhíl. Ag an am ba bheag amhrán Nollag nó carúl i nGaeilge a bhí ann. Thug Tadhg faoi rogha de na carúil as tíortha na hEorpa a aistriú go Gaeilge. Shocraigh sé in dhiaidh sin iad a fhoilsiú agus ní bhíonn Nollaig anois ann nach gcraoltar cúpla ceann de charúil Thaidhg ar Raidió na Gaeltachta nó Raidió Éireann. Is cuid dhílis de cheiliúradh gliondrach na Nollag iad fud fad na tíre.

Cór Chois Fharraige

Bunaíodh Cór Chois Fharraige tamall beag de bhlianta ó shin. Cór measctha iad, a chasann amhráin thrí Ghaeilge, idir shean agus nua. Bailíonn siad le cheile don cheol agus don chomhluadar agus don chaidreamh trí Ghaeilge uair sa tseachtain i rith an gheimridh. Baineann siad fíorshásamh freisin as a gcuid ceoil a léiriú ag imeachtaí éagsúla ar fud Chois Fharraige agus Chonamara ó am go chéile. Glacann siad páirt sa bhFéile Phan-Cheilteach go rialta. Is í Aisling Ní Neachtain an stiúrthóir.

Meáchan 75 g