Across the Sound

15.01

Stoc ar fáil

Ceoltóirí fíorchumasacha iad Oisín agus Conal Hernon as Árainn, ar cheoltóirí a muintir i bhfad siar. Naoi gcinn de chraobhacha Uile-Éireann atá ag Oisín agus Conal eatarthu.

Tá a gcuid ceoil fréamhaithe go domhain sa bhfíorthraidisiún ach, freisin, tarraingíonn siad ar réimse leathan spéise agus inspioráide agus tá sé seo le sonrú ina gcuid cumadóireachta.

Leis an albam seo, tá an-ríméad ar Oisín agus ar Chonall a dturas leanúnach ceoil féin, agus a gcuid cumadóireachta, a thaispeáint don saol mór.

Nuair a bhí siad ag glacadh páirte i Siansa Gael Linn roinnt blianta ó shin casadh David Neylon orthu, agus deir siad gur fhoghlaim siad cuid mhór uaidh maidir le léiriú agus le cóiriú an cheoil go háirithe.

Spreag sé seo iad chun dul i mbun cumadóireachta; bhí cúpla tiúin cumtha ag Conal sa bhunscoil ach bheadh deich mbliana ann sula dtosódh Oisín ar an obair chéanna. Le linn na Nollag 2014 a thograigh siad cuid dá saothar bunúil a chur ar fáil ar albam.

Thaifead siad a gcéad albam, Up and Coming / Ó Ghlúin go Glúin, sa bhliain 2008. Chas siad in Áras an Uachtaráin, agus ag cruinniú mullaigh de Cheannairí Eorpacha i nGaillimh sa bhliain 2004. Chuaigh siad ar camchuairt ar fud na hÉireann agus ar fud Shasana le Comhaltas Ceoltóirí Éireann i 2009 agus 2010.

Tá an t-albam seo tiomnaithe dá n-athair mór Micheal ‘Inky’ Craven atá imithe ar shlí na fírinne. 

Meáchan 100 g

Seans gur spéis leat...