Tá an leabhar seo, Ó Chósta go Cósta le Frank Reidy, suimiúil agus éadrom san am céanna.
Tá sé de bhua aige go bhfuil sé ar an saghas leabhair go mbeifeá ábalta a léamh ar an mbus. Bua eile atá leis gur leabhar é a bheadh fóirsteanach don duine atá ag foghlaim Gaeilge nó don duine nach bhfuil mórán muiníne aige as a chuid Gaeilge. Sa leabhar, leis, tá grianghraif a ghlac an t-údar.
Bhí Reidy ina cheannfort in arm na hÉireann i 1994, tráth an chinedhíothuithe i Ruanda. Maraíodh 800,000 duine, nó 10% den phobal, nuair a thug mílístigh Hutu faoin mhionlach Tutsi.
Cuireadh Reidy go dtí an dúiche ar an teorainn le hUganda agus Poblacht Dhaonlathach an Chongó chun cuidiú le teifigh. Tá sé in amhras go raibh lámh ag cuid de na teifigh sin san ár.
Músclaíodh suim an údair sa chuid sin den Afraic agus d’fhill sé ar an cheantar 14 bliana ina dhiaidh sin. Rinne sé turas thart ar an Chéinia, Uganda agus Ruanda in 2008.
Tá an-suim ag Reidy sa chultúr agus sa stair. Déanann sé cur síos ar roinnt rudaí spéisiúla. Chaith sé seal ar OIleán Lamu amach ó chósta na Céinia.
Tá meascán iontach cultúr ann de bharr na ndreamanna ar fad a ghlac seilbh ar an oileán thar na céadta bliain: Portaingéiligh, Turcaigh, Arabaigh Óman agus Sasanaigh, i measc dreamanna eile.
Thug an trádáil sheanbhunaithe leis an India blas breise isteach.
Thug Reidy cuairt ar Ruanda féin. Is tír í nach meallann mórán turasóirí, rud atá intuigthe.
Tá tráma ar mhuintir na tíre de dheasca eachtraí an 100 lá sin i 1994. Tá náire ar na Tutsithe sin a tháinig slán nuair a maraíodh a muintir; agus tá náire ar lucht Hutu mar go mothaíonn siad freagracht de chineál éigean as an chinedhíothú.
Is de dheasca ar tharla nach bhfuil an bhrí chéanna sa phríomhchathair, Kigali agus atá i gcathracha eile.
Dar le Reidy gur áit álainn é oirthear na hAfraice, ach chuile áit feiceann sé an scáil a chaith an t-impiriúlachas ar an dúiche.
Cothaíodh nó cruthaíodh deighilt idir dreamanna difrúla.
Níorbh iad na Sasanaigh amháin a bhí ciontach as sin, nó bhí na Beilgigh i Ruanda agus sa Bhurúin lán chomh holc leo.
Trí mheán an leabhair taistil, tá neart anailíse déanta ag Reidy. Tá sin, agus fonn curtha aige ar an léitheoir seo cuairt a thabhairt ar an dúiche.
Ó Chósta go Cósta le Frank Reidy
Léirmheas le Anton Mac Cába, An tUltach, Eanáir 2010