Leabhar + 2 CD
Tá Tom a’ tSeoighe ar dhuine de na filí is bisiúla i gConamara agus cloistear amhráin dá chuid á gcasadh go coitianta ag amhránaithe Chonamara. Leathchéad amhrán atá san eagrán seo, cuid acu atá go mór i mbéal an phobail cheana féin, leithéid ‘Baile Aerach Leitir Móir’ agus ‘Amhrán Leeds’ agus cuid eile nár cloiseadh fós.
Tá trascríobh ceoil de na foinn agus dhá dhlúthdhiosca leis an leabhar freisin le fonnadóirí a spreagadh chun foghlama agus chun aithrise.
Tugtar léargas ar an saol a chaith Tom sa leabhar seo freisin, agus tá a ghlór sainiúil féin le cloisteáil sa réamhrá cuimsitheach a thugann eolas faoina shaol, faoi na hamhráin a chum sé agus faoin gcomhthéacs bisiúil cultúrtha inar cumadh agus ina gcastar iad.
Curtha in eagar ag Síle Denvir & Ciarán Ó Fátharta.