A concise literary criticism of the work of Seamas Mac Annaidh’s, in particular of Cuaifeach Mo Lon Dubh Buí, the first of the author’s celebrated trilogy. In addition to displaying his by now familiar, keen critical faculties Ó Ruairc also shows a particular empathy with the author.
Séamas Mac Annaidh agus macallaí sa scathán
Monograph on leading Irish writer.
€4.00
In stock
Weight | 250 g |
---|
D’éirigh leis an saothar gairid léirmheastóireachta seo a chuid spriocanna a chur i gcrích. Chuir sé ar ais i dtreo na mbuntéacsanna mé agus fonn orm grinneadh a dhéanamh orthu in athuair a bhuíochas don léamh tuisceanach a dhéanann an Ruarcach ar shaothar Mhic Annaidh. *Dónall Ó Braonáin, Foinse – 30/09/2001* Leabhar soléite critice ó pheann léirmheastóraiacute;ogair. Leagtar amach an léirmhíniú a dhéantar ar shaothar Mhic Annaidh ar bhealach simplí agus éiríonn le Maolmhaodóg Ó Ruairc léargais nua a chur i láthair. Ní théitear chun fadálachta leis an anailís agus cleachtaítear prós glan soiléir tríd síos ar mór an chabhair don léitheoir é. Is léir go bhfuil fios a bhealaigh ag an údar trí scríbhinní Mhic Annaidh agus tugtar treoir thuisceanach tríd síos. Treoir nach bhféachann le mórtheoiric uileghabhálach a bhualadh anuas ar an téacs ach léargas a chuimsíonn gnéithe éagsúla d’ealaín an údair sa chaoi is gur féidir tabhairt faoi na húrscéalta ar níos mó ná bonn amháin. *Dónall Ó Braonáin, Foinse – 15/12/2001* ‘Tá ceisteanna ann fós mar gheall ar shaothar Mhic Annaidh agus is fiú freagraí a lorg. Ach ní fiú na ceisteanna traidisiúnta a chur”. Féachann Maolmhaodóg Ó Ruairc leis sin a dhéanamh sa leabhar seo. Aithníonn sé cad iad na téamaí, na híomhánna agus déanann sé scagadh orthu. Déanann sé plé ar na modhanna oibre agus inste agus é ag tarraingt as saothar iomlán an údair, nach mór. Is léir go bhfuil eolas maith aige ar na leabhair éagsúla agus fiú ar chuid de na mionscríbhinní nach mbaileofar, tá súil agam, agus éiríonn leis na snámha éagsúla a leanúint ó shaothar go saothar, mar aithníonn sé go dtagann an t-iomlán ón aon fhoinse amháin, go bhfuil tábhacht lárnach ag Inis Ceithleann, sa dóigh chéanna is go bhfuil olltábhacht le Cluain Eois i scríbhinní Phat McCabe. Éiríonn leis na píosaí éagsúla a leagan amach sa dóigh is go dtig leis pictiúr soiléir a fheiceáil, mar a dhéanfá, fiú dá dtitfeadh an scathán ón bhalla, dá ndéanfá na smidiríní a bhailiú agus a leagan amach ar an tábla. *Séamas Mac Annaidh, Lá 17/01/02*