Fáinne an Lae agus an Athbheochan 1898-1900

A review of the early Irish-language print media, the Revival period and the personalities who shaped it.

18.00

In stock

A review of the early Irish-language print media, the Revival period and the personalities who shaped it. A reassessment of the critical categorisation of literary genres of the period.

Weight 250 g
Cover

bog, hard

Léirionn teideal an tsaothair seo go cruinn cad tá ann ó thaobh ábhair de. An anáil a bhí ag an nuachtán Fáinne an Lae ar shaothrú na Gaeilge óna thús céad bliain ó shin go díreach. Ach is fairsinge ná sin, leis, cúram an leabhair. Cíortar staid na teanga agus staid na litearthachta go mion ag an am, agus pléitear an iriseoireacht agus an pobal maídir le bunú agus fás na nua-litríochta féin. Má tá an chuma ar an scéal go bhfuil fócas an staidéir mós cúng is amhlaidh gur doimhne a dhéantar an scagadh. Fairis sin, tá leathshúil á coimeád feadh an ama ag an údar ar staid scríbhneoireacht na Gaeilge sa lá atá inniu ann agus sinn ar thairseach aoise agus mílaoise nua. Dá bhrí sin, mar le leabhar atá scolártha, léannta, inléite ba dhóigh leat gurb alt creidimh léi an díospóireacht a tíonscnaíodh céad bliam ó shin a choinneáil beo. Is bríomhaire agus is spreagúla an t-iomlán dá réir. Fós, beidh an saothar seo ar cheann de bhunfhoinsí na tréimhse atá sa treis ann. Cló soiléir, páipéar maith, imill raidhsiúla, stíl shainiúil. *Books Ireland, Samhain 1998* Ach ní cur síos fuar stairiúil é seo ar chúrsaí athbheochana…Tá beocht agus meáchan léinn san inse. *Irish Times – 7 Meán Fómhair 1998*

You may also like…