Out of stock

Cuir Gaeilge air

A short practical course in translation from English to Irish.

5.00

Out of stock

This book is out of print. A new and updated book on English/Irish translation by the same author is available now here.

Oireachtas Prize 2002

This short practical course in translation from English to Irish, directs the reader from the first steps (evaluating and understanding the text) in the process to the final step (proofing and evaluating the translated version)

These lessons are suitable for classroom use or private study.

Weight 250 g

Baineann bunús an leabhair le sleachta ó na ráitis a thug daoine éagsúla don choimisiún, idir mhúinteoirí scoile, shagairt, dhochtúirí agus ionadaithe pobail. Tá idir eolas agus tuairimíocht sna sleachta seo agus tugann siad an-léiriú ar staid na Gaeilge i gceantair éagsúla agus ar mheon na ndaoine. …Tá de bhua ag an leabhar seo nach bhfuil na sleachta seo rófhada ach go bhfuil éagsúlacht mhaith roghnaithe ag an údar, is go gcluineann muid guthanna ó na Gaeltachtaí agus ó na breac-Ghaeltachtaí uilig. *Lá – 13 Meitheamh 2002* Is léiriú é an saothar seo ar “pholasaí oifigiúil forbartha an Stáit i leith na Gaeltachta”, dar le John. “Tá i bhfad níos mó i gceist le forbairt ná rátaí fáis amháin.” Sa tréimhse a bhaineann le tuarascáil an Choimisiúin ” bhí idéalú as cuimse déanta ar na ceantair Ghaeltachta. Faoi thús na ndaichidí bhí míréir iomlán polasaí idir forbairt gheilleagair agus chultúrtha. Bhí an dearcadh ann go fóill gurb í an Ghaeltacht fíorthobar na hÉireann ach ní raibh aon iarracht ann forbairt eacnamaíochta a dhéanamh san áit.” Tá samplaí i réamhrá an leabhair den easpa réadúlachta seo i leith na Gaeltachta a léiríodh sa Chlaidheamh Solais, áit a ndéantaí cur síos maoithneach aislingeach ar cheantar “a raibh an tóin tite as ó thaobh geilleagair de, a raibh na daoine ag streachailt leis an saol agus ráta ard imirce ann,” arsa John. Creideann sé nach mbeadh an Ghaeltacht sa tsáinn ina bhfuil sí inniu dá gcuirfí na moltaí i bhfeidhm sa tréimhse cinniúnach sin i stair eacnamaíoch na tíre. I measc na moltaí eile bhí, go gcuirfeadh an Roinn Oideachais téacsanna Gaeilge ar fáil agus go mbunófaí coláistí Gaeilge ullmhúcháin. Guth an phobail ata i gceist sa leabhar seo. “Is iad aighneachtaí na ndaoine ar labhraíodh leo i 1925 atá ann….” *Sorcha Ní Mhonacháin, Foinse, 28 Aibreán 2002*