Cruinneas

Cruinneas contains an alphabetical listing of the words and grammatical structures which most often trip up those attempting to use the Irish language.

15.00

In stock

Start reading >>

Is the word for budget ‘Buiséad’ or ‘cáinaisnéis’? Should I write ‘Bean dhubh’ or ‘bean dubh’? These are just two of the difficult choices faced by anyone attempting to write in the Irish language.

Cruinneas contains an alphabetical listing of the most problematical words and grammatical structures: Irish words used with the wrong meaning, English concepts which are difficult to translate, flaws in style, unhappy translations from English and much, much more.

Each entry is illustrated with an example of best — and worst — usage.

 

Weight 250 g
Published

Uaireanta fecitear dom go bhfuil an Ghaeilge ar nós bradán galánta atá ag snámh in aice leat. Anois is arís ceapann tú go bhfuil greim beirthe agat ar an iasc álainn, ach chomh luath is atá an smaoineamh sin i do cheann tá sé imithe i bhfad uait. Sa leabhar nua tagartha seo, Cruinneas, tá sár-iarracht déanta ag an saineolaí teanga Antain Mac Lochlainn scéal simplí a dhéanamh d’ábhar atá fíorchasta. Aon duine a bhfuil taithí aige ar an suíomh gréasáin [www.aistear.ie]:[https://www.aistear.ie/cruinneas.php], aithneoidh sé a bhfuil sa leabhar, arae tá Mac Lochlainn tar éis an-chuid de na hiontrálacha ón suíomh sin a bhailiú le chéile agus iad a chur i bhfoilseachán deas soiléir. Faoi mar a deir an t-údar sa réamhrá, tá cnuasach déanta aige de na príomhearráidí ba ghnách lena chuid mac léinn a dhéanamh nuair a bhí sé ina Phríomhtheagascóir in Ionad na dTeangacha, in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Is féidir a rá go dtugann an leabhar seo caoi don fhoghlaimeoir agus don saineolaí araon teacht ar eolas agus ar theoir i dtaobh poncanna teanga. I roinnt de na hiontrálacha tá rudaí simplí, mar shampla an difear idir ‘de ghnáth’ e.g. ‘téim ar saoire i mí Iúil, de ghnáth’ (ainmfhocal) agus ‘gnách’, e.g. ‘is gnách liom dul ar saoire i mí Iúiil’ (aidiacht). Ar an taobh eile den sceal tá cuntais ann ar ghnéithe casta den ghramadach, e.g. an clásal coibhneasta, agus maidir leis an gceann áirithe sin caithfidh mé a rá go bhfuilim fós ag streachailt leis! Is maith liom an ceann atá le fáil ar lch.73, .i. míniú gearr soiléir ar an difear idir ‘éigean’ agus ‘éigin’ – dhá fhocal a bhíonn trína chéile ag daoine go minic. Mínítear chomh maith san iontráil sin nach gá ‘éigin’ a úsáid i gcónaí, e.g. ‘más mian le duine éigin taighde a dhéanamh…’ Ina theannta sin ar fad tá roinnt mhaith cleachtaí sa leabhar atá bunaithe ar na hiontrálacha, agus tá na freagraí go léir le fáil i ndeireadh an leabhair (rud atá fíorthábhachtach – ní fiú cleachtaí a dhéanamh mura bhfuil na freagraí ar fáil). Tá leagan amach deas simplí ar gach rud sa leabhar seo agus tá innéacs cabhrach ann freisin. In ord aibítre atá na hiontrálacha tiomsaithe. Ní leabhar ollmhór atá againn in Cruinneas, ach is cnuasach eolais fíorshuimiúil agus fíor-áisiúil é gan aon agó. Ba chóir do gach cainteoir Gaeilge – is Cuma cé acu foghlaimeoir nó saineolaí é – a lámha a leagan ar an ardleabhar seo go dtabharfaidh sé seans níos fearr dó féin greim a bhreith ar an mbradán eolais éalaitheach úd! *Rob Mac Giollarnáth, An Timire , Geimhridh 2015* ‘Don té a shamhlódh, áfach, nach mbeadh faic le foghlaim aige óna leithéid, déarfainn go mbeadh dul amú air mura bhfuil na cianta caite aige ag plé le cruinneas agus stíl sa Ghaeilge. Míníonn sé go soiléir gonta na deacrachtaí a bhaineann leis an séimhiú sa Chaighdeán Oifigiúil agus sa Chaighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe, agus treoraíonn sé an léitheoir go dtí an mhír de Graiméar Gaeilge na mBráithre ina ndéantar plé níos cuimsithí ar an ábhar.’ *Léigh an léirmheas iomlán le Tadhg Ó Loingsigh [anseo]:[http://www.feasta.ie/2015/iuil/alt6.html]*

You may also like…