This new work from one of Ireland’s most influential educationalists uses the literature and folklore of the Irish language to present a vivid picture of education in Ireland, particularly since 1831 when the national school system was established.
An máistir
Education in Ireland since 1831 as evidenced in Irish literature and folklore.
€20.00
In stock
Weight | 250 g |
---|
Mar is léir ón teideal, cur síos ar an scolaíocht atá bunaithe ar an litríocht atá anseo. Díríonn an t-údar ar an mbunscolaíocht ó 1831 ar aghaidh ach go háirithe. Is léir ón insint agus an leabharliosta gur cheadaigh sí leabhair acadúla chomh maith le raon leathan seanchais, amhrán agus litríochta ón tréimhse 1800-1930. Cuireadh foinsí Béarla san áireamh d’fhonn pictiúr cuimsitheach a fháil. Tá cur síos ar na scoileanna féin, ar dhearcadh na leannaí agus na dtuismitheoirí, ar an sagart agus ar an gcigire chomh maith leis an máistir (agus an mháistreás) féin. Tá nótaí na dtagairtí tugtha do gach caibidil agus feidhm scolártha leis an leabhar ach tá an stíl neamhfhoirmiúil, pearsanta, rud a fhágann gur féidir é a léamh mar scéal. Níor cuireadh innéacs leis ach sin an t-aon locht a gheobhainn air. *Books Ireland – Feabhra 2004*