Sladmhargadh!

Sister Elizabeth ag eitilt agus portráidí eile

Scéalta, eachtraí agus portráidí fileata. Stories, adventures and pen pictures.

6.00

In stock

In this collection of stories, adventures and literary portraits, Ó Muirthile puts wings on nuns and brings other unexpected twists to everyday human encounters.

Weight 250 g
Pages
Published

Aonaid phróis a thugann an t-údar féin ar na dréachtaí seo, gaol acu leis an ngearscéal, an eachtra agus an dán. Aithneofar cuid acu ón gcolún a bhíodh ag Ó Muirthile san Irish Times, ach mar a deir sé féin táid saothraithe go maith ó shin. Tá gach ceann acu ar ard-chaighdeán ón bpíosa a thugann teideal don leabhar a bhfuil leagan amach de réir ghnás na scéalaíochta go dtí an dréacht, ‘Túir an Áir’, ina mbreactar síos uafás an 9/11 in abairtí nach bhfuil i ngach ceann acu ach abairt. Déantar ionramháil chuí ar gach ceann díobh agus tá seoda ina measc, mar shampla an caoineadh próis, ‘Meáchan Rudaí’, ar deacair lipéad a bhualadh air – filíocht ina orlaí tríd. Níl aon chlár leis an leabhar – tá na cúig píosa déag i ndiaidh a chéile: más áil leat ceann a léamh an athuair tumann tú isteach arís ann. *Books Ireland, Samhradh 2005*