Sladmhargadh!

Séadna

A new edition of this major classic, complete and unabridged. Shortlisted for Irish-language Book of the Year 2011

8.00

In stock

,

A new edition of this major classic, complete and unabridged. This book has been shortlisted for Gradam Uí Shúilleabháin 2011 – the Irish-Language Book of the Year Award. This is an updated and revised edition and contains a comprehensive new preface to introduce Séadna to new generations. This edition is attractively presented. A companion product to the printed text is an audio book on several discs, presenting this masterpiece of modern Irish literature in a new art form.

Weight 500 g
Published

2011

Pages
Cover

bog, hard

Léirmheas in An Timire , Fómhar, 2013 Bhí Scéal Séadna mar théacs scoile ag cuid againn inár n-óige. Gearrinsint ar Séadna is ea é sin, a foilsíodh ar dtús in 1947. Seoid bheag litríochta ann féin é, ach níl ann ach an tríú cuid den bhunleabhar. Bhí Séadna féin as cló ar feadh na mblianta, go dtí gur chuir Liam Mac Mathúna eagrán nua de ar fáil in 1987. Athchló ar an eagrán seo atá sa leabhar maisiúil seo ó Cois Life. In 1904 a foilsíodh Séadna ar dtús. B’é an chéad úrscéal sa Ghaeilge é (lasmuigh de lagiarracht ó Phádraig Ó Duinnín in 1901). Thaispeáin sé go bhféadfaí dea-phrós a bhunú ar theanga bheo na Gaeltachta; agus go bhféadfaí úsáid a bhaint as an mbéaloideas chun scéal nua-aimseartha a chumadh. Bhí se mar spreagadh ag scríbhneoirí óga go reann i bhfad ina dhiaidh sin. Ní tábhacht stairiúil amháin atá le Séadna , dar ndóigh. Saothar cumasach is ea é, agus is fiú é a léamh fós. Scéal grinn atá ann go bunúsach. ach mar fhráma timpeall ar an magadh tá scéal mí-ámharach Shéadna féin. Díolann sé a anam leis an Diabhal ar sparán óir (téama idirnáisiúnta béaloidis). Éiríonn leis teacht slán as an gcruachás ar deireadh thiar, ar shlí éigin nach bhfuil soiléir ar fad. Sa réamhrá tugann Liam cuntas mion ar stair an leabhair. Bhí a lán deacrachtaí ag an Athair Peadar é a fhoilsiú. Chuir sé cuid de i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge , cuid de mar leabhar ann féin, agus an chuid deiridh i nuachtán seachtainiúil. B’í Norma Borthwick a bhailigh an t-iomlán le chéile in 1904. Is ar eagrán Miss Borthwick a bhunaigh Liam an t-eagrán seo. Léitheoireacht riachtanach é do gach mac léinn Gaeilge.