Is úrscéal bleachtaireachta é seo, ach is mó go mór ná sin é mar go n-éiríonn leis an údar cuid mhór ceisteanna práinneacha dúshlánacha a ardú i dtaobh na sochaí ina bhfuilimid suas ann. Bíonn eispéiris na hinimirce mar chúlra leis an scéal tríd síos: tionscail an ghnéis agus gáinneáil ar mhná – é ar fad ar mhaithe le sásamh agus brabach fear – chomh maith le hallmharú agus mangaireacht drugaí. Agus éilíonn an saol úr seo riachtanais phóilíneachta nach raibh i gceist go dtí seo, mar is léir ón leabhar.
Eiríonn leis an údar an ailtireacht agus an tírdhreach uirbeach a d’fhás mar fhreagra ar an saol seo a chur ag seasamh ina steillbheatha os comhair an léitheora: árasáin faoi smacht coirpeach, an chaoi a ligeann an fón póca don mháistir stripachais a chuid gnó a dhéanamh gan tásc a bheith ar shuíomh a ghnó, nó ar shuíomh na sclábhaithe gnéis nó na mangairí drugaí a bhíonn faoina stiúir. Is cuid shonrach den Éirinn nua seo é an pobal Moslamach, pobal faoi léigear agus gan d’iarracht déanta ag cuid de phóilíní an leabhair seo lena gcuid ainmneacha a fhuaimniú ach ‘Ali Baba’ a thabhairt mar fhorainm orthu. Agus ní fearr a chaitear leis an bpobal leochaileach seo sa phlé a bhíonn acu le polaiteoirí de réir thuairisc an leabhair.
Ach nochtann cuid de na buanna móra a roinneann an saol nua seo orainn sa scéal chomh maith: saoirse iompair agus tuairime (ar líne agus go poiblí), caidreamh oscailte idir tuismitheoirí agus a gcuid páistí, an glacadh leis an ilchultúrthacht, agus leis an homaighnéasacht i measc an mhóraimh, agus cearta dlíthiúla a bheith ag mionlaigh den uile shaghas.
Suitear an t-úrscéal i gceantar Chill Mhaighneáin (agus sa phríosún clúiteach atá lonnaithe ann ach go háirithe) agus is cuntas mionchruinn ar an gceantar é an t-úrscéal ar fad, cineál de Rough Guide don cheantar – idir gharbh is bhog. Léirítear bua stíle Heussaff sa chuntas seo ar ghairdín an Ospidéil Ríoga:
Bhí tinte ar lasadh sna Gairdíní Cuimhneacháin cois Life. Ní tinte iad a scríosfadh duilliúr ná teach, ach lasracha ildaite an fhómhair ar na crainn agus grian an tráthnóna á neartú. Na dathanna ag léim agus ag soilsiú, dearg ag rith ina órbhuí agus craorag ina ghlasuaine. Samhlaíodh do Réamonn go raibh aoibhneas an nádúir a fhoilsiú dó mar a bheadh do leanbh a leagfaidh súil don chéad uair ar an domhan beo.
An Réamonn atá luaite is garda é, Réamonn Seoighe ar mhian leis mistéirí gan réiteach a scaoileadh le go n-ardófaí go céim bhleachtaire é agus bhí sé féin agus banlaochra an scéil, Aoife Nic Dhiarmada agus a hioníon, Sal, ag obair i bpáirt roimhe seo in úrscéalta bleachtaireachta Heussaff: Bás Tobann (2004) agus Buille Marfach (2010). Ní ó choirpigh ach ó sháirsint atá i gceannas air is mó a fhulaingíonn an garda bocht seo ciapadh. Is fear é Réamonn a bhíonn ag plé le coireanna gnéis agus dúnmharaithe, ach atá iontach neamhaibí i dtaobh a chuid gnéasachta féin. Tá Sal i mbun staidéir ar an stair i gColáiste na Tríonóide agus is mór an cúnamh dá máthair í sa mhéid sin, tharla gur sa seanphríosún agus faoi anáil na staire a thit an choir amach. Tá plota fíor-chliste mar bhunús leis an scéal seo, ach de réir rúibricí na léirmheastóireachta ní cheadaítear castachta ná críoch an scéil a scaoileadh.
Gné fhíor-spéisiúil den scéal ná an láimhseáil a dhéantar ann ar an teanga féin. Baintear leas as an mBéarla chun fórsa agus barántúlacht áitiúil a bhronnadh ar an gcaint:
‘Is cosúil nach bhfuil is right’ ar sise. / ‘What’s more’ arsa Sal ‘is mistéir é…’ /
‘Suppose go raibh sí buartha faoi chúrsaí teaghlaigh…’
Is sa chaighdeán oifigiúil nó in urlabhra nach bhfuil i bhfad uaidh a labhraíonn an mheánaicme, an mheánaicme scothaosta ach go háirithe, sa leabhar, agus tá seo ag teacht leis an gclaonadh i measc lucht oideachais agus measúlachta i ngach aon sochaí canúint dá gcuid féin a dhéanamh den leagan caighdeánach de pé teanga a bhíonn á labhairt acu. Is teanga mhionchruinn atá gan bhlas a bheith mar thoradh air:
‘An é go bhfuil fonn múin ort agus tú ró-ardnósach dul isteach i gcúinne dorcha, a gharda Seoighe’ / ‘Is deacair a shamhlú go raibh baint dhíreach idir an dá eachtra, agus breis is céad is a tríocha bliain eatarthu.’
Tá struchtúr an-tomhaiste ag an leabhar in ainneoin foireann leathan carachtar agus iliomad fophlota agus bóithrín caoch. Scuabtar an léitheoir go pléisiúrtha ar aghaidh ó mhír go mír ar chuma a bhíogann spéis an léitheora don chéad chasadh eile agus, mar a bheifí ag súil leis in úrscéal bleachtaireachta, ceiltear orainn go deireadh an coirpeach arbh é is ciontach sa dúnmharú.
A review by Proinsias Ó Drisceoil
Feasta, March 2017
Bhí mé i láthair san Patriots Inn plódaithe nuair a sheol Aengus Mac Grianna an seod is déanaí seo le Anna Heussaff. Bhí mé ann luath agus thapaigh mé an deis cóip a cheannach agus a fháil sínithe sular tháinig an slua (agus thángadar!)
Ina chuir síos ar an leabhair luaigh Aengus go bhfuil an scéal suite go paiteanta in cumasc chathair ilchineálach Átha Cliath na fiche haonú aoise, go sonrach i gCeantar Cill Mhaighneann. Ceantar ina bhfuil an iliomad teangacha á labhairt, ach a théann siar go tús staire Átha Cliath chomh maith. Is iontach mar a éiríonn le hAnna Heussaff scéinséir ina bhfuil an sean agus an nua seo lárnach a reic i nGaeilge ar bhealach nach gcuireann isteach ar fionraíocht an díchreideamh in aon chor.
Is deacair léirmheas a dhéanamh ar cérinneachán gan barraíocht noda a sceitheadh.
Léigh an léirmheas iomlán ar an mblag Smaointe Fánacha Aonghusa: http://aonghus.blogspot.ie/2015/11/cerinneachan-cumhachtach-comhaimseartha.html?spref=tw
Cérinneachán cumhachtach comhaimseartha cathrach’ Léirmheas le Aonghus Ó hAlmhain
Nuair a shocraigh Anna Heussaff a bheith ina scríbhneoir lánaimseartha 12 bliain ó shin, lean sí comhairle Toni Morrison agus thosaigh sí ag scríobh leabhair a ba mhaith léi féin a léamh.
Bhí an t-ádh lei mar gur thaitin na leabhair sin le léitheoirí, léirmheastóirí agus moltóirí comórtais.
Anois, tá a tríú scéal bleachtaireachta. Scáil an Phríosúin, i ndiaidh duais mhó® a bhaint i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2015.
Mistéir dúnmharaithe atá ann ina gcastar arís orainn cuid de na príomhcharachtair ón dá úrscal bhleachtaireachta a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht roimhe seo, Bás Tobann agus Buille an Bháis.
An tráth seo, tá Aoife Nic Dhiarmada tagtha go Baile Átha Cliath ar cuairt ag a hioníon atá ag freastal ar an ollscoil ann nuair a mharaítear bean a bhfuil aithne aici uirthi.
Tá an Garda Réamonn Seoighe, ar chuir sí aithne air i mBeanntraí agus leathinis Bhéarra sna scéalta roimhe seo, aistrithe go dtí an ardchathair agus é ag obair ar an chás céanna.
“Theastaigh uaim scéal cathrach a scríóbh agus scéal a shuíomh i mo cheantar féin, Cill Mhaighneann,” a deir an Baile Átha Cliathach seo.
“Is ceantar suimiúil agus spreagúil é agus tá an-chuid éagsúlachta agus an-chuid staire ag baint leis.
‘Roghnaigh mé an áit i dtosach agus ní raibh le déanamh agam ansin ach smaoineamh ar an scéal.”
Nuair a bhreathnaigh sí thart le súil an scéalaí ar an cheantar, chonaic sí Príosún Chill Mhaighneann, áit ina raibh scannánaíocht déanta aici cúpla uair nuair a bhí sí ag obair mar léiritheoir teilifíse in RTÉ.
D’aithin sí go raibh atmaisféar ar leith sa phríosún a bheadh oiriúnach do láthair dúnmharaithe.
Sheachnaigh sí an cathú chun scéal agus macallaí 1916 sa phríosún a scríobh mar fhicsean éadrom ach thapaigh sí stair an phríosúin sa 19ú haois le scéal faoin chaidreamh idir tiarna talún agus bean dá chuid tionóntaí a insint agus é a fhí tríd an scéal comhaimseartha bleachtaireachta.
Dúnmharú agus duais, Cathal Póirtéir, The Irish Times, 11 Samhain, 2015
Great reads in Irish on Clubleabhar.com by Anna Heussaff
Writing in Ireland comes in the shapes and colours of two very different languages, English and Irish. As a bilingual Dubliner, becoming a novelist meant choosing which language I most wanted to play with, as well as learning to grapple with the structures and demands of crime fiction, children’s mysteries and a quirky love story, the three genres in which I’ve written to date. Six of my seven published novels are in my first language, Irish; and that in turn means swimming in a deep and very lively pool rather than hoping to stay afloat in a hugely busy ocean of English-language books, where the occasional shark is prone to lurk but the promise of worldly reward is alluring.
In this platform’s 50 Irish Books project, the ratio of 45 to five books in English and in Irish represents these contrasts of size and status, as well as the scars of a long history in which minority became majority. At the same time, the project’s approach demonstrates the opportunity today to own and to celebrate our writing in both languages. Indeed, Ireland’s linguistic landscape is taking on some new shapes as immigrant communities become established; and in selections of Irish writing to be made in the years ahead, we may also find the cadences of Polish, Chinese, Yoruba or other languages in the midst of those of English and Irish.
The platform’s five chosen books provide tantalising pointers to the vitality of writing in Irish, and for readers interested in a wider selection, there’s a great resource at www.clubleabhar.com. Set up in late 2009, it’s an online book club that has featured over 50 books to date as ‘Leabhar na Míosa’ or ‘Book of the Month’, including novels, short stories, travel writing, poetry and literary classics. A brief account of each book is provided in Irish and in English, as well as video interviews in Irish with many authors and editors, and since April 2014, a 15 – 20 minute podcast of a critical discussion of each month’s book. There’s an interview with Máire Mhac an tSaoi about Scéal Ghearóid Iarla, one of the five books in Irish on this platform; and the first podcast was on Alex Hijmans’ novel Aiséirí,another of the five. In a podcast last June on his stunning collection of photo-essays on life in Brazil, Splancanna ó Shaol Eile, one of the reviewers was Natália Danzmann, a young Irish-speaking Brazilian who works as a translator.
Among my own favourite Clubleabhar choices are Alan Titley’s novella Gluaiseacht, a moving and lucid story of two young Africans fleeing across the Mediterranean in search of asylum in Europe; Frank Reidy’s incisive depiction of his travels in Africa in Ó Chósta go Cósta; Éilís Ní Anluain’s atmospheric and very contemporary novel of love and longing, Filleann Seoirse; Liam Mac Cóil’s literary adventure trilogy set in 1612, in which student Lúcás Ó Briain evades enemy pursuit as he journeys from Galway to Rome to deliver a secret missive to chieftain Hugh O’Neill; Biddy Jenkinson’s pithy and hilarious tales of crime detection in early 20th century Dublin by real-life lexicographer and imagined friend of Sherlock Holmes, An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire; a Sherlock classic engagingly translated as Cú na mBaskerville; and Filíocht Ghrá na Gaeilge, a treasure trove of the most lyrical, passionate and heartbroken love poetry composed in Irish over the past thousand years, with translations to English and sensuous illustrations by Anna Nielsen.
Great reads in Irish on Clubleabhar.com le Anna Heussaff, www.contemporaryirishwriting.ie, 29/09/15
Is é seo an tríú leabhar ó pheann Anna Heussaff ina bhfuil an t-iar-iriseoir Aoife Nic Dhiarmada ina príomhcharachtar ann, agus is ag dul i bhfeabhas atá an tsraith bhreá seo. An geábh seo, tá Aoife fillte ar Bhaile Átha Cliath mar a bhfuil a híníon Sal, a bhí i lár an achrainn in Buille Marfach a bhí suite i mBéarra, anois ina bean óg ag freastal ar chúrsa staire ar an gcoláiste. Arís eile, castar an Garda Réamonn Seoighe ar Aoife agus a hiníon agus bás mná óige i bPríosún Chill Mhaighneann á fhiosrú aige an turas seo.
Éiríonn le Heussaff dhá scéal faoi bhás amhrasach mná – scéal Shaoirse Ní Néill na linne seo agus scéal Ellen Cassidy a frítheadh marbh sa phríosún stairiúil breis agus céad bliain ó shin – a shní le chéile go snasta in Scáil an Phríosúin, agus spéis an léitheora a choinneáil sa dá scéal ag an am céanna.
Is léir go ndearnadh go leor oibre ar an taighde, idir stair agus tíreolas, le haghaidh an leabhair seo agus cuireann an dua a caitheadh leis an obair sin go mór leis an scéal. Ní minic in Éirinn go bhfaighfeá leabhar sa seánra seo ina gcuirtear sráidíní, páirceanna agus láithreacha eile inár láthair ar bhealach chomh cruinn inchreidte. In Scáil an Phríosúin siúlaimid sráideanna na hardcathrach in éineacht leis na carachtair.
Tá an t-ádh ar léitheoirí na Gaeilge go bhfuil údar chomh cumasach le hAnna Heusaff againn a chuireann leabhair den chaighdeán seo ar fáil i seánra an scéinséara. B’fhurasta na maidí a ligean le sruth sa tríú leabhar de shraith mar seo, ach is maith a d’fheil an t-athrú suímh ó iarthar Chorcaí go Baile Átha Cliath don údar. Cás staire a bhí á fhiosrú sa chéad leabhar freisin ach tá os cionn céad bliain de dhifir sna tréimhsí staire atá faoi chaibidil agus níl aon bhlas den athrá i gceist.
Tá Heussaf ina máistir ar an ‘cé-a-rinne-é’ anois agus scéal casta corraitheach lán le caidrimh chasta chorraitheacha scríofa aici. Ní féidir mórán a scríobh faoin bplota cliste fuinte gan míreanna tábhachta eolais a sceitheadh a mhillfeadh an scéal agus an teannas, ach is iontach mar a éiríonn leis an údar amhras a chothú faoi roinnt mhaith carachtar go dtí drioball an leabhair. Bíonn an léitheoir ar bís fáil amach cé hé, cé hí nó cé hiad a rinne an dúnmharú go dtí an deireadh – an teist is fearr ar scéal bleachtaireachta.
An t-aon rud a chuir isteach orm an geábh seo – ach níl ann ach mionghearán –ná cur chuige an údair maidir le ceist na Gaeilge, nó ceist an Bhéarla, más maith leat. Insítear an scéal ar fad trí mheán na Gaeilge agus tugadh le fios gurb í an Ghaeilge atá á labhairt ag gach carachtar sa domhan atá cruthaithe go slachtmhar ag an údar. Ar ndóigh, caithfidh duine an t-amhras a dhíbirt chun géilleadh do chur chuige mar é, ach toisc buanna an údair, ní raibh aon fhadhb agam sin a dhéanamh. Mar sin féin, bíonn corrfhocal Béarla i gcaint chuid mhaith de na carachtair – go háirithe Sal, an mac léinn ollscoile.
Más í an Ghaeilge teanga na hÉireann seo atá cruthaithe ag Heussaff, ní bheifí ag súil go mbeadh iasachtaí ón mBéarla ar an nGaeilge, mar a fhaightear in áiteanna. Ní bhaineann an corrfhocal Béarla ón scéal ar chor ar bith ach tharraing siad aird an léitheora seo ón bplota anois is arís.
Sinn ar bís go deireadh ‘Scáil an Phríosúin’ agus Anna Heussaff ina máistir ar an scéinséir, léirmheas le Maitiú Ó Coimín, Tuairisc.ie, 2 Nollaig, 2015.
Tá an-tóir ar úrscéalta bleachtaireachta (‘Krimis’) Éireannacha sa Ghearmáin le tamall anuas, gan ach Ken Bruen a lua. Tá an-éagsúlacht I measc Krimis na hÉireann atá ar fáil anois as Gearmáinis, ach d’fhéadfaí a rá freisin go bhfuil gné choitianta eatarthu. I mBéarla a chéadscríobhadh gach ceann díobh. Rinneadh neamhshuim go dtí seo de na cinn a foilsíodh I nGaeilge, rud atá scannalach – agus is cúis é le spléachadh a thabhairt ar údar mná Éireannach a scríobhann Krimis agus a dtugtar “doyenne an genre” uirthi i bpreas na hÉireann.
Fuaimníonn “doyenne” pas seanaimseartha agus fiu rófhiúntach, nó beagán ar nós Agatha Christie. Ach ná bímis buartha, is leis an lá inniu a bhaineann Anna Heussaff go huile is go hiomlán. Go dtí seo, tá sé cinn de leabhra foilsithe aici agus go leor duaiseanna buaite aici, ach ní Krimis ar fad iad a cuid úrscéalta. Sna Krimis le Anna Heussaff, ‘sí Aoife Nic Dhiarmada an príomhcharachtar agus í in éineacht lena fear céile i mbun teach aíochta i gceantar iargúlta in Iarthar Chorcaí. Tá saoirí eagraithe seachtain ar fhaid ar tairiscint acu, le siúlóidí, cuairteanna ar ealaíontóirí áitiúla, seisiúin cheoil sa tábhairne, chuile shórt atá ar fáil sa cheantar. Is as an Maláiv (Malawi) do Patrick ach máthair Eireannach aige, rud a chuireann gach saghas féidirtheachtaí ar fáil do ghnéithe idirnaisiúnta sa scéal.
Sa chéad leabhar, Buille Marfach, (Toedlicher Schlag”) tagtar ar chuairteoir de chuid an tí aíochta agus í gortaithe go dona. Maíonn fear céile an chuairteora gurb eol dó go cinnte cé rinne an gníomh, ach anois dúnmharaítear an té sin atá fé amhras ionas nach féidir gurbh eisean a bhí ann. Díreach ansin tarlaíonn sé freisin gurb éigean do Patrick taisteal go dtí an Mhaláiv ar chúiseanna teaghlaigh , rud a thugann a mhalairt de chúis amhrais do na gardaí. Agus fad is atá an scéal á réiteach, cuirimid aithne ar iontaisí thaobh tíre Iarthar Chorcaí, lena chultúr Gaelach, nósanna, bia, deoch, blas an tsaoil áitiuil agus ceol na hEireann – agus mar bharr ar an méid sin, tá banlaoch láidir inchreidte againn.
Foilsíodh “Aoife-Krimi” eile ó shin, Scáil an Phríosúin (“Schatten des Gefaengnisses”). Agus tá leagan Béarla de Buille Marfach ar fáil freisin, aistrithe ag an “Multitalent” Anna Heussaff, a thugann Anna Sweeney uirthi féin anseo áfach. Fuaimníonn sé níos Éireannaí mar ainm ná Heussaff, a fuair sí óna sinsir Bhriotánacha. Ionas nach gcuirfear mearbhall ar lucht léitheoireachta an leagain Bhéarla leis na hainmeacha Gaeilge, tugtar ainmeacha do charachtair éagsúla atá ag teacht níos fearr leis an mBéarla: mar shampla, Nessa McDermott atá ar Aoife Nic Dhiarmada. Bímis dóchasach nach fada go n-aimseofar foilsitheoir Gearmánach do Krimis Anna Heussaff agus go gcloífidh sí ansin leis na hainmeacha Gaeilge!
Tá Krimis Anna Heussaff arna bhfoilsiú ag Cló Iar-Chonnacht, agus Deadly Intent i mBéarla ag Severn House.
[Aistriúchán ón nGearmáinis le Kintilla Heussaff]
Review on the website ‘Kriminetz.de’. The original review was published in German. Translation from the original German by Kintilla Heussaff http://www.kriminetz.de/news/kriminews-irland.