Few other poets have worked as consistently as Gréagóir Ó Dúill. These poems mark the way that Ireland and indeed life generally have changed, these selected poems record, moreover, a unique and consistent intellectual and emotional engagement with modern Ireland.
Gréagóir Ó Dúill – Rogha dánta: 1965-2001
Selected poems. Thoroughly, consistently engaged poetry from Ó Dúill.
€15.00
In stock
Weight | 250 g |
---|---|
Pages | |
Published |
Tá Gréagóir Ó Dúill ag saothrú leis mar fhile le beagnach dhá scór bliain. Ní hé an port céanna atá aige ar fud na tréimhse sin: tá éagsúlacht mhaith abhár agus stíle sa chnuasach. Fógraíonn sé go hionraic an dearcadh atá aige ar chúrsaí an tsaoil: “Gluaisim liom ar an bhruach clé i gcónaí agus tá sin le léamh”. Tá dornán de dhánta ann a mhairfidh agus ba cheart go mbeadh siad á léamh i gceann dhá scór bhliain eile. Tá an Dúilleach ag scríobh leis ar fad. Agus an duanaire seo léite, beidh súil ag léitheoir ar bith le tuilleadh dánta. *Anton Mac Cába, Lá – 17 Eanáir 2002* Rogha an fhile dá shaothar cumadóireachta atá sa leabhar seo maraon le haiste spéisiúil dhírbheathaisnéisiúil i dtosach an leabhair. Pléann sé le ábhair éagsúla, cogaí agus cogaíocht san áireamh. Baineann Ó Dúill gaisneas as ceisteanna le bonn a bhaint den léitheoir nó mar cuid dlúth de struchtúr dáin nó mar léiriú ar a thóraíocht phearsanta féin. Tá slacht agus smais ag baint leis an gcomhfhoilseacháin seo idir Coislife agus Coiscéim. *Dónall Ó Braonáin, Foinse – 15/12/2001*