Lón anama

Poems, lyrics and songs from the Irish spiritual tradition with English translations.

18.00

In stock

A bilingual collection of spiritual material from Irish literary sources. This selection of poems, lyrics and traditional songs illustrates the spiritual tradition of the Irish language. Themes such as penance, life, faith, spiritual doubts, this world and folklore feature in this anthology. Poems included in the selection are from the Early Irish period up until the present day. Ciarán Mac Murchaidh lectures in the Department of Irish at St Patrick’s College, DCU. His research interests are in the teaching of Irish grammar and 18th century religious literature.

Weight 250 g
Published
Pages
Cover

bog, hard

An maith leat rudaí deasa a bheith úsáideach agus rudaí úsáideacha a bheith deas? Más maith, is beart duitse an leabhar seo. Díolaim an-bhreá atá ann de bhreis is trí scór dán ón ochtú haois go dtí an fichiú haois, móide roinnt dánta eile ó shaibhreas thraidisiún béil na Gaeilge. Mhaisigh an t-eagarthóir an leabhar le réamhrá spéisiúil eolach ina ndéanann sé, inter alia, míniú a thabhairt ar an chuspóir a chuir sé roimhe: díolaim a sholáthar de dhánta spioradálta ó na saothair is luaithe atá ar fáil d’fhilíocht na Gaeilge go dtí ár linn féin, lena gcur faoi bhráid léitheoirí an lae inniu, agus a chuirfidh ar fáil dóibh lón machnaimh agus ábhar marana – lón anama. D’éirigh ar dóigh leis. Le cois an réamhrá, tá nóta gairid le gach dán, ina dtugtar eolas ar údar an dáin (más eol cérbh é nó í) agus ar thoscaí na linne inar scríobhadh é Tugtar an dán ina bhunleagan Gaeilge, agus leagan Béarla den téacs agus den nóta mínithe ina dhiaidh. Agus dár gcairde líonmhara atá ar bheagán Gaeilge, tutar an réamhrá I mBéarla chomh maith. Is rogha leathan (nó caitliceach le ‘c’ beag) atá déanta ag an údar. Dá bhrí sin, cé go bhfuil éagsúlacht nach mbeifeá ag súil leis, b’fhéidir, i leabhar ar ábhar dó lón anama a thabhairt, baineann eilimint spioradálta a bheag nó a mhór leis na dánta ar fad a roghnaíodh. Ní hionann sin is a rá, a deir an t-eagarthóir, go ndearnadh an roghnú de dhánta d’fhonn a chur in iúl go raibh iarracht chomhfhiosach ar siúl thar na blianta chun ‘spioradáltacht Cheilteach’ de chineál éigin a chruthú. Buíochas le Dia! Rud níos ciallmhaire, níos tathagaí atá anseo againn: samplaí as corpas filíochta na Gaeilge ón ré is luaithe, a fhéachann le nádúr Dé a fhiosrú agus a cheistiú, chomh maith lena ghlóiriú. Ní rud cúng oileánach an oidhreacht seo ach rud daonna, rud Eorpach. Díreach mar is d’oidhreacht choiteann na hEorpa na foirgnimh a tógadh na cianta ó shin, na hollscoileanna ag Palermo, Bologna, an Sorbonne, agus na hardeaglaisí, leithéidí Milano agus Köln. Léiríonn na tógálacha maorga seo leanúnachas agus dílseacht anama, agus is ardú meanman agus cinntiú dóchais iad don duine neamhbhuan. Is ar éigean atá seoda mar sin againn in Éirinn. Níl siad againn de dheasca cúrsaí staire: tá Teamhair ina féar agus féach Cluain Mhic Nóis mar atá. Ach tá traidisiún liteartha againn is sine ná nithe den chineál sin, traidisiún nach bhfuil a mhacasamhail áit ar bith eile san Eoraip ó thaobh aoise agus leanúnachais de. Soiléiríonn leabhar mar seo go bhfuil ár n-ábhar misnigh féin againn agus ábhar mórtais freisin, mar is leabhar é a bhfuil leagan amach an-taitneamhach air ar gach bealach. Is pléisiúr é lena láimhseáil, fiú sula dtosaíonn tú a léamh. *Seán de Fréine – An Timire (Fómhar 2006, Uimh. 427)*

You may also like…