This play is situated in a psychiatric hospital and bears the hallmarks of Ó Muirthile’s writing: intelligence, humour and compassion.
Fear an tae
A drama set in a psychiatric hospital.
€5.00
Out of stock
Weight | 250 g |
---|---|
Pages | |
Published |
Cé go bhfuil ceithre bliana ann ó léiríodh an dráma seo i dtosach maireann a chuimhne in intinn an phobail. Ospidéal siciatrach láthair an aicsin, agus scata carachtar ‘buile’ ina lúib. A scéal féin ag gach duine ach is é an ceangal atá eatarthu a ghineann an drámaíocht-agus an teannas le húdaráis an ospidéil. Meascán den ghreann dubh, den doircheacht féin agus den dóchas. Caint a shonann is a cheolann nuair is gá.
…Ní duairceas ar fad a chuirtear inár láthair toisc go bhfuil an greann agus an dáiríre ag tarraingt as lámha a chéile sa dráma. Tugann an saothar neamhghnách seo léargas ar shaol eile agus radharcanna ar dreach tíre inmheánach an duine.
Is é an t-alcólachas an namhaid atá le treascairt ag an mbeirt charachtar is lárnaí sa dráma, Canavan agus Casey. Is dochtúir é Canavan chomh maith le bheith ina othar agus tugann a bhfuil le rá aige siúd léargas dochreidte cruinn dúinn ar dhéine na coimhlinte pearsanta atá le sárú ag an alcólaí agus go háirithe ar an gcaoi nach leor tuiscint intleachtúil a bheith ag duine ar an bhfadhb. …[T]ríd an gcomhrá nádúrtha agus tríd an ngníomhaíocht shochreidte éiríonn le Ó Muirthile an oiread eolais a thabhairt dúinn is a spreagfaidh ár bhfiosracht agus a chuirfidh ag machnamh sinn go ceann i bhfad.
Seo, go cinnte, an dráma is fearr i nGaeilge a chonaic mé le tamall fada. Tá doimhneas agus greann ann – neart ábhar smaoineamh, neart ábhair ghrinn. Tá a fhios againn gur file cumasach é Ó Muirthile; is dramadóir cumasach é freisin.