Out of stock

Cré na Cille (Eagrán Nua)

25.00

Out of stock

Eagrán nua Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain ina bhfuil ealaíon nua leis an ealaíontóir Árannach Seán Ó Flaithearta. Clúdach crua. 

Ó bhás go críoch, ní críoch ach athfhás, a deir an t-amhrán, agus nach rábach agus nach fiáin an t-athfhás a tháinig ar charachtair an úrscéil seo. Mar níl suaimhneas síoraí ná suaimhneas de chineál ar bith i ndán do na mairbh sa reilig anaithnid seo arb é suíomh an scéil seo é, ach chuile aighneas, chuile easaontas, chuile chnámh spairne beo a bhí ag cur as do na mairbh nuair a bhí siad os cionn talúna, iad te bruite á dtarraingt anuas aríst agus aríst eile. Agus níl duine ar bith is fearr chuige seo ná Caitríona Pháidín, príomhcharachtar an leabhair, bean atá in árach a deirfíre Neil le blianta fada agus atá ar bís go gcloise sí trácht ar uachta deirfiúr eile léi, Baba, atá i Meiriceá. Gan trácht ar an gcrois de ghlaschloich an Oileáin atá geallta a bheith tógtha os a cionn. Cinnte, tá na mairbh ag caint aríst ach an bhfuil aon duine ag éisteacht?
Máirtín Ó Cadhain 

Ar an gCnocán Glas taobh thiar den Spidéal i gContae na Gaillimhe a rugadh Máirtín Ó Cadhain i 1906. Oileadh ina mhúinteoir náisiúnta é ach briseadh as a phost é i Scoil Náisiúnta an Chairn Mhóir nuair nach dtabharfadh sé geallúint nach mbeadh aon bhaint aige feasta le poblachtánachas. Chaith sé blianta an Dara Cogadh Domhanda i gcampa géibhinn i gCurrach Chill Dara. Phós sé Máirín Ní Rodaigh i 1945. Chaith sé tamall míshuaimhneach ina státseirbhíseach nó gur ceapadh é mar léachtóir le Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide i 1956. Bhásaigh sé sa bhliain 1970. Mórán chuile fhocal dá bhfuil ó Bhearna na Gaillimhe go Carna pacáilte i mbéil ochtair nó naonúir.
– Ar Aghaidh

Gach aon duine a bhfuil dúil aige sa Ghaeilge bheo, bhríomhar, urranta a scríobhann Máirtín Ó Cadhain, gheobhaidh sé a sheacht sa scéal seo.
– Irish Independent

Weight500 g