CSI: DÚN LAOGHAIRE Léirmheas le Ciarán Ó Pronntaigh An tUltach Nollaig 2010 Is docha go gcuirfear an cheist – cad é atá an file aitheanta Liam Ó Muirthile a dhéanamh i mbun scéal bleachtaireachta? An bhfuil an plota caillte aige? Bhuel, níor chóir dúinn lá buairimh a bheith orainn faoi mheabhairshláinte an Mhuirthiligh, ná faoin chumas cruthaitheachta, ach oiread. Seo scoth scéil, é á insint i stíl an bhfuil macallaí de chláir nua-aimseartha Mheiriceá ann (.i. bogann sé ó radharc amháín go radharc eile go sciobtha gan mórán d’intreoir) ach é ag plé le láthaire coire atá suite ar chósta oirthear an tíre. Tá eolas mion aige ar an cheantar áirithe seo, ar an daoine agus ar an chineál fochultúr bád atá ann na laethanta seo. Scéal thar a bheith chun dáta atá ann agus é suite sa tréimhse iarchúla eacnamaíochta a thit ar an tír. Úsáideann an Muirthileach friotal an lar inniu ar dhóigh iomlán inchreidte; pléann sé cúrsaí póilíneachta agus an scrúdu iarbháis le hardmhuinín, an cineál ruda a bheadh i gceist i scéalta Reics Carlo, dá mbeadh sé ann inniu, is dócha. Feicimid daoine i mbun oibre agus a bhfuil cúraimí troma an lae orthu ag an am céanna. Is geall leis an bhrionglóid sin ina mbítear ag rith ach nach ndéantar mórán den chun cinn an staid ina bhfuil an bleachtaire lárnach sa scéal. Ag iarraidh freastal ar a iníon, a chuid geallúintí a choinneáil agus sin a dhéanamh ag an am céanna a bhfuil ceann de na cásanna ba mhó a bhí aige faoi lán seoil. …. Gheibh muid léargas éigin ar shaol na n-inimirceach in Éirinn, na fadhbanna a bhaineann lena saol agus, ar ndóigh, an chontúirt a bhíonn rompu chomh maith. Léirítear iad mar dhaoine cosúil linn féin amuigh ar an choigrích agus is léir go bhfuil bá [ag Ó Muirthile] leo. Is daoine daonna iad, ní carachtair adhmaid gan tábhacht. …. Cuirfidh léitheoirí suntas sa chur chuge atá sa leabhar seo maidir le húsáid na Gaeilge. Níl aon leithscéal ag an údar focail Ghaeilge a chur i mbéal daoine nach mbeadh Gaeilge acu go cinnte (eachtrannaigh ar bheagán Béarla, mar shampla) agus déanann sé é ar dhóigh nádúrtha inchreidte. Tuigimid gur scéal atá ann agus nach tuairisceoireacht fhíor í. …. Ach ní mór, mar fhocal scoir trácht a dhéanamh ar an chur síos iontach at déanta aige agus é ag plé na brúide de dhuine a shíleann an léitheoir atá ciontach as na coireanna uafásacha. Is go formhothaitheach a imíonn an t-údar ó chur síos ó ainmhithe go dtí cur síos a léiríonn gur duine daonna atá ann. Ní mhillfidh mé an éifeacht ort agus a rá leat cá háit go díreacha bhfuil sé ach is seod scríbhneoireachta é a bhuailfidh tú idir an dá shúil.