Out of stock

Guthanna in Éag – an mairfidh an Ghaeilge beo?

A bilingual book setting out the world, linguistic and ecological perspectives on the Irish language.

7.60

Out of stock

This book is available only as an e-book.

Bilingual book. A considered look at the current state of the Irish language. Our understanding of the particular situation of Irish is greatly enhanced by the world, linguistic and ecological perspectives which the author brings to the subject. James McCloskey is Professor of Linguistics at University of California, Santa Cruz. This book is the first fully bilingual publication from Cois Life Teoranta.



Weight 250 g

Murab ionann agus mórán saothar ollscoile eile, tá an ceann seo soléite inléite agus le meáchan sa bhuille…. Is é croí a argóna nach dtuigeann muid i gceart an dúshlán a chuir lucht na hathbeochanna rompu agus iad ag iarraidh an Ghaeilge a chur in athréim arís . “Paróisteach” agus “cúngaigeanta” a thugann sé ar go leor den phlé a dhéantar ar cheisteanna teanga. Caithfidh an díospóireacht a lonnú i bhfráma domhanda….. Dóchas a léiríonn McCloskey, mar sin féin, i gcás na Gaeilge. Is “bríomhar an marbhán” í. *Pól Ó Muirí, Irish Times – 14 Márta 2001* Leabhair spreagúil dúshlánach atá ann… *Lá – 7 Meitheamh 2000* Fiú muna dtugann muid cluas le héisteacht do JamesMcCloskey agus a achainí in Guthanna in Éag: An Mairfidh an Ghaeilge beo?, bímis buíoch de as traidisiúin an phaimfléid a athmhúscailt i saol na Gaeilge. Is cinnte gur deismire agus gur slachtmhaire an cruth atá ar leabhairín an ollaimh il- teangeolaíocht i gCalifornia ná a bhí ar Pháipéir Bhána agus Pháipéir Bhreaca Uí Chadhain, ach is ionann aidhm dóibh: athbheochan teanga agus spreagadh. Agus tá dearcadh leathanaigeanta (don chuid is mó) agus cúlbhrat domhanda ag Mac Bhloscaidh a thugann brí as an uair dá argóint sa leabhar dátheangach seo….An fhuascailt ar an tsáinn ina bhfuilimid: tuismitheoirí a bheith ag Gaeilgeoireachta lena bpáistí. Ach mar is léir ón chaint a rinne an tAire Ó Cuív I mBaile Ghib, an tseachtain seo a chuaigh thart féin, tá, i bhfoclaí an údair, an tsnaidhm sin scaoilte. Teanga shoiléite shaibhir atá ag Mac Bhloscaidh agus, bíodh an moladh is airde dá mb’fhéidir a thabhairt dó aige, is cinnte nach aistriúchán ar an Bhéarla atá sa leath Gaeilge den leabhar. Ach tá fabht mhór amháin ina argóint agus léirítear sin nuair a dhíríonn sé a aird ar chúrsaí polaitiúla in Éirinn: meancóg i gcónaí ag an lucht acadúil rialacha na ranganna agus na leabhar a aistriú go dtí saol na ndaoine. “Má bhreathnaítear ar an iarracht chaomhnaithe ar an dóigh seo, is iarracht frithnáisiúnach go bunúsach í. Má tá muid le tabhairt fúithi, ní mór a aithint ar dtús gurb é an náisiúnachas an namhaid is seirbhe agus is contúirtí ar bith dá raibh riamh ag teangacha ‘neamhfhorleathana’.” Muidne, atá ag labhairt na Gaeilge go stadach as siocair an náisiúnachais gan a bheith cloíte ó thuaidh, tuigimid an difir idir naisiúnachas an choilínigh agus náisiúnachas na cosmhuintire. Ach ná ligimis dó sin baint den fhéirín bheag díospóireachta seo a sheoladh chugainn ó chomrádaí atá ag scríobh ar chósta thiar Chalifornia, é ag éisteacht le idirlíon, ag freagairt teachtaireachtaí ríomhphoist i nGaeilge ó achan chearn den domhan, leabhair Ghaeilge le cois na deisce aige. *Lá – 3 Deireadh Fómhair 2002*

You may also like…