Praghas Díolta na Nollag!

Gonta

Wounds of the heart, the soul, the body. Wounds that cause act of revenge – and hope. This collection of short stories speaks of the wounds of the people of Bahia.

7.00

In stock

[flipbook-popup id=”gonta”]

Start reading >>

[/flipbook-popup]

Gonta – Wounds. Wounds of the heart, the soul, the body. Wounds that cause act of revenge – and hope. This collection of short stories speaks of the wounds of the people of Bahia.

Voted in the top ten best short story collections in the Irish language since 2000 in the literary magazine Comhar (December 2013).



Weight 250 g
Pages
Published

Léirmheas le Pól Ó Muirí in The Irish Times , 5 Meán Fómhair, 2012 Cnuasach gearrscéalta leis an iriseoir, Alex Hijmans, atá ann mar Gonta (€14). “Gonta” sa chéill “cneácha” atá i gceist agus is scéalta iad nach bhfuil ar dhóigh ar bith bog. Tugann Hijmans aghaidh ar eachtraí brúidiúla uirbeacha sa Bhrasaíl – mar a bhfuil cónaí air – agus baineann sé geit as an léitheoir lena chur chuige cliste, idir chaint agus imeachtaí, agus leis an fhoréigean a chastar ar a chuid carachtar. Tuairiscí lán croí ó dhomhan eile atá sna scéalta ina léiríonn Hijmans comhbhá le daoine atá faoi chois agus gan chumhacht. Beidh caint ar “Buzú”, “Dréimire na cumhachta” agus “Ba ghlas iad na cnoic i bhfad ó shin” go ceann tamaill. Léirmheas in Gaelscéal , February, 2013 Is bailiúchán gearrscéalta é seo ón scríbhneoir Alex Hijmans, foilsithe ag Cois Life anuraidh. Tá cuma thar a bheith snasta agus tarringteach ar chlúdach an leabhair, agus is breá liom an chaoi a mhothaíonn an leabhar agus an chaoi a chuirtear inár láthair é. Cé go bhfuil an leabhar costasach go leor ag €14, tá trí scéal déag san áireamh ann agus tá neart ábhar léitheoireachta i gceist. Tá na scéalta ar fad lonnaithe sa Bhrasaíl agus dírithe ar mhuintir Bahia. Scríobhadh na scéalta seo idir 2009 agus 2012 agus tá sé spéisiúil gur tionscnamh ilteangach atá sa chnuasach, agus na scéalta tugtha chun cinn i dtrí theanga ag an am céanna – Gaeilge, Ollainnis agus Béarla. Tá meascán mór ábhair i gceist sna scéalta agus muintir Bahia ag croílár an leabhair. Tá stíl gonta scríbhneoireachta in úsáid ag Hijmans sna scéalta seo, mar a deir teideal an chnuasaigh, agus is fiú triail a bhaint as na scéalta mar is cinnte go mbainfidh gach éinne a mbrí féin astu, mar a dhéanaimid leis na scéalta is fearr. Tá sé i gceist ag Hijmans cuid áirithe de na leaganacha Béarla agus Ollainnise a fhoilsiú amach anseo, agus chuir mé spéis sa mhéid a dúirt sé féin faoi na scéalta seo: “Mothaím gur thóg mé céim mhór chun tosaigh mar scríbhneoir agus mé ag obair ar an gcnuasach seo, céim nach bhféadfainn a thógáil gan iad.”