Ar muir is ar sliabh

Prize-winning novel about a television adventure series.

12.00

In stock

Duais Oireachtais 2009

Brian and Lise are the presenters of a new television adventure series in the making. Twenty-somethings, athletic, good-looking, they have all the combined talents to engage in the rigorous challenges of the outdoors and present them to a television audience.

Brian is at home in the air and on land, while Lise is a water-woman. The series presents challenges to both in their boundaried adventures. Marcas, the director is the manipulator, seemingly calling the shots.

Both up-close and panoramic, Ar muir is ar sliabh is both a dialogue with the landscape and seascape of Ireland, and the growth of trust, perhaps even of intimacy, between two characters. But they are also pursued, even stalked, by the indoor ghosts of their past.

In an underwater cave off the coast of Clare, they have to come to terms, urgently, with their own fault-lines for survival.



Weight 250 g
Pages
Published

2009

Bronntar úrscéal nua-aimseartha agus spéisiúil orainn sa leabhar seo Ar Muir is ar Sliabh ón údar Dermot Somers. Cuirtear na príomhcharachtair Brian agus Líse, láithreoirí teilifíse, inár láthair, iad beirt óg, sna fichidí agus dathúil. Tá siad an-chumasach mar láithreoirí, go háirithe san fhiántas agus ag an ‘am céanna, téann siad i ngleic leis an nádúr agus le fórsaí an dúlra timpeall orthu. Tá Brian thar a bheith cumasach i mbun a chuid oibre ar an talamh agus san aer agus tá Lise an-chompordach san uisce. Tá Marcas mar stiúrthóir acu, carachtar údarásach agus láidir. De réir mar a nochtar na heachtraí, léirítear an tírdhreach agus íomhánna áille den mhuir don léitheoir. Ina theannta seo, tugtar léargas ar na coinbhleachtaí pearsanta a bhaineann leis na carachtair. Téann an plota ar seachrán amanna, agus cuirtear níos mó béime ar Bhrian ná mar a chuirtear ar Lise. É sin ráite, tá sé soiléir don léitheoir go bhfuil taithí shuntasach ag Somers ar na tóireacha allamuigh agus tugann sé foclóir iontach dúinn. Tá gluais sa leabhar mar thacaíocht don léitheoir. Tá ficsean, scríofa ar bhealach ealaíonta, i gceist leis an leabhar seo, agus bhainfeadh déagóirí nó daoine óga (iad siúd ar an leibhéal ceart Gaeilge) an-sult as, go háirithe dá mbeadh dúil acu sa tsléibhteoireacht, sa rópadóireacht, sa tumadóireacht scúba, agus i ndúlra na hÉireann. Críochnaíonn an scéal le radharc iontach agus sceitimíneach, suite i bpluais faoin uisce: léiríonn an radharc seo an fáth ar fiú é a léamh.

Laoise Ní Chléirigh, Inis, Earrach 2010

Suite sna Himiléithe, a bhí an chéad cheann Buaic (2006). In áiteanna éagsúla ar chósta na hÉireann a thiteann na heachtraí amach in Ar Muir is ar Sliabh agus léiríonn Somers arís a chumas chun scéal eachtrúil a insint in abairtí gearra gonta. Tá an bheirt phríomhphearsana, Lisa agus Brian, páirteach i sraith teilifíse ina gcaithfidh siad tabhairt faoi ghuaisbhearta éagsúla. Is fearr Brian ar an sliabh agus san aer agus gan dúil ar bith aige san fharraige. Ar a sáimhín só san uisce a bhíonn Lisa agus éiríonn thar barr leis an údar an teannas idir an bheirt, agus iad ag iarraidh sárú ar a chéile os comhair an cheamara, a léiriú. Is léir saineolas aige ar theicnic na teilifíse agus ar na cleasanna a bhíonn ag lucht déanta clár chun lucht féachana a mhealladh. Stíl an script teilifíse atá aige, é tíosach leis na focail, nó ag ligean don chomhrá idir na pearsana an scéal a insint agus mar a chonacthas ar na cláir theilifíse a rinne sé, é ar fheabhas chun áilleacht agus fiántas na timpeallachta a chur in iúl. Cé gur mar shléibhteoir is fearr aithne ar Somers is léir ón scéal seo saineolas aige ar spóirt eile, scúbthumadh (scuba-diving) tonnscinneadh (surfing) rópadóireacht anuas (abseiling) agus tá míniú ar chuid de na téarmaí teicniúla i ngluais bheag a ghabhann leis an leabhar. Leabhar den scoth é seo, a léifidh le fonn duine ar bith a bhfuil dúil san eachtraíocht aige. Léifidh Somers féin sleachta ag an seoladh agus taispeánfaidh sé roinnt pictiúirí dá chuid eachtraí.

Irish Times – Máiréad Ní Chinnéide, 09 Meán Fómhair 2009

Úrscéal breá, nua-aimseartha ó Chois Life é Ar muir is ar sliabh ó pheann an scríbhneora aitheanta Dermot Somers. Bíodh agus domhan na craoltóireachta agus domhan an nádúir faoi chaibidil uaireanta eile i saothair phróis na Gaeilge, ní cuimhin liom an dá ábhar a fheiceáil ar fáil le chéile in aon phíosa ficsin amháin riamh roimhe seo. Buailimid le triúr carachtar go príomha: Brian, Lise agus Marcus, iad ar fad ag saothrú i dtionscal na teilifíse agus iad báite i coinbhleachtaí pearsanta. Tarlaíonn sé gur ar chláir eachtraíochta faoin aer úr atádar ag saothrú, agus is mó na scéalta pearsanta ná scéalta a gcuid oibre a bhíonn á gcrá i rith an tsaothair. Is léir go bhfuil Brian an-tugtha dá ghairm bheatha, ach faighimid léargas ar dhuine cúthail, éiginnte ina shaol pearsanta. Ní ag réiteach i gcónaí a bhíonn sé lena chomhláithreoir reatha, Lise, sna cláir eachtraíochta, óir léiríonn sise an gnáthuabhar agus an bród a shamhlaítear le hearnáil na teilifíse. Níl sé chomh simplí maidir le saol agus cúlra Lise de bharr a hiarrachtaí féin ná maidir leis an mbagáiste atá ag Brian de dheasca na gclár teilifíse. Iompraíonn Marcus, an léiritheoir, é féin go húdarásach agus go saoistiúil. Bíonn bealach aige amhail is gur gníomhaire na láithreoirí atá ann, agus dáiríre, ag pointe amháin cuireann sé an sórt smachta ar na láithreoirí agus a shamhlófá le máistir agus striapacha (má ghlacann tú le cur síos an leabhair féin air sin!) Tugtar léiriú ar charachtar agus scéal Mhajella, a bhíodh ag siúl amach le Brian tráth, ar bhealach sásúil ach ní úsáidtear cleas an iriseora chomh maith céanna nuair a thagann cúlra Lise chun suntais, níos cóngaraí do dheireadh an leabhair. Bogtar an scéal ó ionad amháin agus ó thréimhse ama amháin, go hionad agus tréimhse eile go minic i gcaitheamh an scéil. Tréaslaím leis an údar as féidearthachtaí mar seo a ghlacadh. Tá nithe áirithe in easnamh, áfach, a chuideodh le hionramháil an scéil: tuilleadh den chur síos ar na deacrachtaí sléibhe sa chuid dheireanach den scéal i bhfoirm comhrá; easpa leanúnachais sa phlota in áiteanna, rud nach gcuirfeadh isteach go speisialta ar ábhar an leabhair ach an plota a bheith mar atá; an iomarca béime ar Bhrian seachas ar Lise nó ar Mharcus maidir lena n-aincheisteanna pearsanta agus an smacht a bhíonn ag Marcus ar ghairmeacha na láithreoirí a ghlacann páirt ina chuid clár. Is comhartha maith é gur fágadh mé ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim fúthu beirt, mar sin féin. Tá greim bhreá ag Somers ar fhoclóir na heachtraíochta agus cruthaíonn sé íomhánna áille don léitheoir den duine daonna agus é/í i gcoibhneas leis an nádúr. Is mór an teist í sin. Tá suim aige i ngach gné de flora agus fauna na n-ionad in Éirinn. Uaireanta, cailleann sé cuid de spleodar an scéil, áfach, nuair a théann sé i muinín na gcodanna sin. Foilsíonn Cois Life leabhair ar ard-chaighdeán deantúsaíochta i gcónaí, mar atá sa leabhar seo, le leagan amach atá tarraingteach agus inléite a bhuíochas sin ar an dearthóir Alan Keogh agus ar na cúinsí clóite eile. Ní heol dom an údar é Somers a chreideann nó a chreidfeadh i sraith úrscéalta, ach measaim go mb’fhéidir go mbeadh a mhianach anseo, leis na carachtair atá aige mar bhunús. Ar shlí tá an scéal róghafa leis an sárchur síos a dhéanann an t-údar ar an nádúr agus ar na himeachtaí teannais ag deireadh an scéil, agus cailltear an deis chun na carachtair a chur ag gníomhú a thuilleadh lena chéile ar bhealach níos substaintiúla, rud a mhúsclódh spéis an léitheora fiú níos mó déarfainn. Ní ficsean éadrom atá anseo dáiríre, ach úrscéal machnamhach a thriaileann tochailt in aigne na bpríomhcharachtar go léir. Mar sin, mholfainn go leanfar le scéal na gcarachtar seo amach anseo, le feoil a chur ar an gcreatlach atá anois againn. Má bhíonn tú ag taisteal go luath, ceannaigh an leabhar seo agus é éasca go leor le léamh taobh istigh d’achar gairid.

Comhar, Imleabhar 69 Uimhir 10, Liam Mac Amhlaigh, Deireadh Fómhair 2009