‘Slogtar an léitheoir isteach sa scéal go dtí an nóiméad deireanach nuair a bhristear alltacht an deiridh orainn… Failtím roimh scéal Gaeilge atá ní hamháin chomh fada sin ó bhaile, sa Bhrasaíl, ach a dhéanann iarracht chomhfhiosach, iarracht a n-éiríonn thar barr léi, cás na háite a cheangal le cás na Gaeilge agus na hÉireann. Molaim an chaolchúis lena ndéantar sin, a léiríonn dainséar na soineantachta agus dainséar na comparáide éasca.’ *Máire Ní Annracháin*, Ollamh le Teanga agus Litríocht na Nua-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. ‘Tarraingítear isteach sa scéal thú agus éiríonn an-mhaith leis aird an léitheora a choinneáil. Tá plota láidir ag croí an leabhair agus bíonn luas maith faoin insint. Tabharfaidh An Tearmann spléachadh taitneamhach duit ar shaol eile ar fad agus is fiú é a léamh ar an mbonn sin.’ Eoin P. Ó Murchú, Tuairisc.ie. Léigh an léirmheas ar fad [anseo]:[ http://tuairisc.ie/scoip-litriocht-na-gaeilge-a-sineadh-ag-tearmann-hijmans/]. ‘Tá sé cuí measaim gur thug Alex an scéal go buaic foiréigneach a fhágann Eoin idir dhá thine Bhealtaine. É ann de thoradh a ghníomhartha éidreoracha féin. Tagann deireadh tobann leis an scéal, é fágtha faoin léitheoir teacht ar a réiteach féin. Modh éifeachtach measaim. Cuireann Eoin míchompord orm. Aithním roinnt dá thréithe ionam féin, seachrán, ag maireachtáil ó lá go lá.’ Aonghus Ó hAlmhain, Smaointe Fánacha Aonghusa. Léigh an léirmheas ar fad [anseo]:[http://aonghus.blogspot.ie/2016/12/seachran-eoin.html].