Ó bhás go críoch, ní críoch go athfhás, a deir an t-amhrán, agus nach rábach agus nach fiáin an t-athfhás a tháinig ar charachtair an úrscéil seo. Mar níl suaimhneas síoraí ná suaimhneas de chineál ar bith i ndán do na mairbh sa reilig anaithnid seo ar é suíomh an scéil seo é, ach chuile aighneas, chuile easaontas, chuile chnámh spairne beo a bhí ag cur as do na mairbh nuair a bhí siad os cionn talún, iad te bruite á dtarraingt anuas aríst agus aríst eile. Agus níl duine ar bith is fearr chuige sin ná Caitríona Pháidín, príomhcharachtair an leabhair, bean atá in árach a deirfíre Neil le blianta fada agus atá ar bís go gcloise sí trácht ar uachta deirdiúr eile léi, Baba, atá i Meiriceá. Gan trácht ar an gcrois de ghlaschloich an Oileáin atá geallta a bheith tógtha os a cionn. Cinnte, tá na mairbh ag caint aríst ach an bhfuil aon duine ag éisteacht? Is críonna an té a déarfadh . . .