‘Spraoi agus scléip in aon scéal amháin. Samhlaímid muid féin i gceartlár na staire i dteannta na bpáistí.’ Áine Ní Ghlinn (údar [Daideo]:[https://cic.ie/leabhar/148/daideo]) ‘Scéal a ritheann agus a chasann go gasta atá ann, faoi bheirt pháiste a bhogann go draíochtúil tríd an am go dtí aimsir na Lochlannach. Tá scéal daonna, insuime ag rith tríd an leabhar ach nósanna agus saol na Lochlannach fite fuaite tríd an iomlán.’ Réaltán Ní Leannáin. Léigh an léirmheas ar fad [anseo.]:[http://eithniu.blogspot.ie/2016/03/la-leis-na-lochlannaigh.html] ‘Éiríonn thar barr le Zepf scéal spleodrach a fhí leis an stair ina steillbheatha. Cuirtear radhairc, fuaimeanna agus bolaithe chúlsráideanna Dhuibhlinn os ár gcomhair ar bhealach a thaitneodh leis an léitheoir óg. Tá bulaí ann, robáil, claimhte, cairdeas agus teannas go dtí an chaibidil dheiridh. Tagraíonn Zepf d’iarsmaí ón ré atá ar taispeáint in Ard-Mhúsaem na hÉireann agus in Iarsmalann Uladh. D’fhéadfadh tuismitheoirí an scéal a léamh lena bpáiste agus ansin cuairt a thabhairt ar an iarsmalann chun an stair a fheiceáil beo, nó d’fhéadfadh múinteoir é a léamh le rang.’
Enda McKenna in Inis, iris le Children’s Books Ireland, Iúil 2016.