Sladmhargadh!

Hata zú Mhamó

Mamó has one amazing new hat, her zoo hat, decorated with lemur’s tail and peacock feathers!

3.50

In stock

[flipbook-popup id=”hata_zu”]

Start reading >>

[/flipbook-popup]

Gradam Réics Carló 2016

Mamó has one amazing new hat, her zoo hat, decorated with lemur’s tail and peacock feathers! But even this hat is not enough for Mamó. She hatches a plan to escape the nursing home and parade her zoo hat in the zoo. She commands her grand-daughter, Siobhán, to escort herself and two friends from the nursing home. Their expedition to the zoo is as colourful as Mamó’s zoo hat. This book won a 2014 Oireachtas prize for children’s fiction in the 9+ age category.

Audiobook available here to stream for free, and can be downloaded using the downward arrow buttons on the right of each track.



Weight 100 g
Pages
Published

2016

Scéal do léitheoirí in aois a naoi mbliana nó níos mó atá in Hata Zú Mhamó. Déarfainn fosta, má tá tú ag foghlaim Gaeilge, go mbeadh sé fóirsteanach duit fosta. […] Tá eolas maith ag Ní Ghlinn ar an teanga; baineann sí an chuid is fearr as an chaint agus ní éiríonn an teanga féin leamh riamh. […] Ní chuirfidh an scéal stró ar léitheoir ar bith. Ach is grámhar mar a léiríonn Ní Ghlinn cúram agus gean an chailín óig do na seanfhondúirí. Cuireann sí aithne as an úr orthu agus aisíoctar a cineáltas féin léi. Pól Ó Muirí, The Irish Times. Léigh an léirmheas ar fad [anseo]:[http://www.irishtimes.com/culture/treibh/hataí-áine-abú-1.2654800]. ‘Scéilín gleoite, aoibhinn, greannmhar é seo, corrthaitheach go minic, ach gan a bheith maoithneach riamh. Bainfidh páistí agus a dtuismitheoirí an-spraoi go deo as, agus rud beag á fhoghlaim acu, leis, faoin ghrá agus faoin chineáltas. Ar fheabhas!’ Siobhán Parkinson (Laureate na nÓg, 2010-2012) ‘Creidim gur leabhar é seo a léifidh páistí dá ndeoin féin go haonarach agus go mbainfidh siad sult as, ach a mbeidh inghlactha mar lón léitheoireachta ranga. […] ag brath ar an ghrúpa is féidir plé beoga a oscailt ar chúram sheandaoine, ról agus feidhm sheandaoine sa sochaí seo againne, neamhspleáchas pearsanta… agus ná bíodh aon dabht orainn gur féidir le páistí déileáil leis na coincheapa seo. Tá ábhar tromchúiseach go leor le haimsiú istigh sa leabhar, maolaithe ag an ghreann. Ach tá an cur chuige scríbhneoireachta anseo sofaisticiúil…’ Réaltán Ní Leannáin (múinteoir agus údar). Léigh an léirmheas ar fad [anseo]:[http://eithniu.blogspot.ie/2016/02/hata-zu-mhamo.html]. ‘Is scéal é seo atá lán de ghreann, de ghrá, de spleodar agus de chroí. Is scríbhneoir den chéad scoth í Áine Ní Ghlinn atá tar éis scéilín álainn agus carachtair fíor-tharraingteacha a chruthú dúinn. […] Bheadh Hata Zú Mhamó mar áis iontach sa seomra ranga. Tá sé oiriúnach do pháistí i ranganna a trí agus a ceathair i nGaelscoileanna. D’fhéadfadh sé a bheith léite os ard ag an múinteoir nó úsáidte i ngrúpaí léitheoireachta. […] D’fhéadfadh tuismitheoirí an-sult a bhaint as an leabhar seo chomh maith agus é á léamh i dteannta a gcuid páistí sa bhaile.’ Anne Murray, in Inis le Children’s Books Ireland, Iúil 2016. ‘Thar aon ní eile is ceiliúradh atá ann ar an spraoi a bhaineann le bheith beo, ar an tseafóid ar dlúthchuid den saol í, agus ar iarracht a dhéanann an uile dhuine againn aoibhneas na hóige a choinneáil beo. Trí ní a bhfuil géarghá leo, is cuma cén aois atá tú.’ Sliocht as léirmheas le Bridget Bhreathnach, Comhar , Samhain 2016.