Sladmhargadh!

Dánta déanta

Poems about animals composed by the poet with schoolchildren from six schools in Múscraí, County Cork. (Ages 8-10)

3.00

In stock

A collection of poems created by the author with schoolchildren from six national schools in Múscraí, during his period as writer in residence there, early 2005.

Animals form the theme of this collection suitable for home reading and classroom use.

(Ages 8-10)

Weight 250 g
Illustrated by
Pages
Published

Toradh ar thréimhse a chaith an file mar scríbhneoir cónaitheach i sé bhunscoil i Múscraí an bhliain seo caite atá sa chnuasach seo. Deirtear gur scríobh an t-údar na dánta i gcomhar leis na daltaí scoile. Nach méanar do na scoláirí sin saothrú chomh healaíonta, deisbhéalach, taitneamhach a bheith curtha ina láthair! Seo scríbhneoireacht do leannaí ar an gcaighdeán is airde, ionchurtha le saothar Desnos na Fraincise nó Roald Dahl an Bhéarla. Ní gá a bheith i do leanbh le barr taitnimh a bhaint as na dánta seo. Mar bharr mhaise tá na léaráidí gleoite, rud nach féidir a rá faoi gach foilseachán a dhírítear ar an aos óg. *Archaeology Ireland – Márta 2006* Ghlac Liam Ó Muirthile le cuireadh ó ionad Cultúrtha Baile Bhuirne a bheith ina scríbhneoir cónaitheach i gceantar Mhúscraí, Co. Chorcaí ag tús na bliana 2005 agus is toradh chuid oibre le daltaí ó shé bhunscoil sa cheantair an saothar gleoite deas seo. Is féidir comhtháthú a ngutha a chloisteáil sna dánta: soineantacht shimplí na bpáistí agus teanga snasta fhileata an fhile snoite le chéile chun filíocht úr ghreannmhar a thabhairt dúinn. Cruitheann Ó Muirthile agus leanaí Mhúscraí íomhánna iontacha lán de bheocht dúinn anseo agus léiríonn siad iad le rithim agus rím tógálach sna dánta. D’fhéadfaí giotaí ón gcnuasach seo a léamh os ard sa seomra ranga nó sa bhaile chun éinne a ghríosadh chun smaointe agus scríobh. *Foinse – 24 Meán Fómhair 2006*