[flipbook-popup id=”daideo”]
Look inside >>
[/flipbook-popup]
A boy on the run from his parents. An old man on the run from his children. They meet on the train to Dublin and listen to each other’s stories. They understand each other. What will be the result of this new friendship?
This book won an Oireachtas prize and Gradam Réics Carló (Book of the Year) in 2014. In 2015 it won the prize for fiction at the 2015 Children’s Books Ireland book of the year awards, and also in 2015, the Literacy Association of Ireland’s Children’s Book Award. An audio version of this wonderful book for teenagers read by the author herself, Áine Ní Ghlinn.
This sound file is available here for free download and is a valuable accompanying resource for readers of the book, particularly for teachers and pupils. Listen to the audiobook or download it for free here:
© Áine Ní Ghlinn, 2014.
This recording is provided free of charge by Cois Life for personal use only. Any unauthorised broadcasting, public performance, copying, re-recording, or hot-linking will constitute an infringement of copyright. For permission requests please contact eolas@coislife.ie.
Tá Liam óg ar a theitheadh. Níl sé ach dá bhliain déag d’aois, ach tá sé braon d’argóintí a thuismitheoirí agus d’fhoiréigean a Dhaid. Agus é ar an traein go Baile Átha Cliath, buaileann sé le seanfhear atá ar a theitheadh chomh maith. Tá a bhean chéile tar éis bás a fháil, agus tá a pháistí tar éis é a chur i dteach altranais, áit nach dtaitníonn leis ar chor ar bith. Cuidíonn an seanfhear le Liam an dallamullóg a chur ar fhear na dticéad, atá amhrasach faoi bhuachaill chomh beag sin a bheith ag taisteal ina aonar. Deir an seanfhear gur eisean Daideo Liam, agus tosaíonn cairdeas idir an bheirt teifeach. Insíonn siad a scéalta truamhéalacha dá chéile, ach an mar a shíltear a bhítear? Leabhar gairid é seo a fhaigheann greim ar an léitheoir. Chuirfeadh sé dráma aonghnímh i gcuimhne; níl ann ach trí phearsa agus tarlaíonn an t-aicsean go léir laistigh de thréimhse ghairid. Thaitneodh an leabhar le léitheoir ar bith a bhfuil suim aige nó aici sa tsíceolaíocht, agus bheadh sé thar a bheith oiriúnach mar úrscéal ranga le daltaí 12-14 bliain d’aois a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu. Níl sé rófhada, tá an plota simlplí gan a bheith leadránach, agus úsáidtear teanga shaibhir ach shoiléir. Pléitear téarmaí ann a bhaineann le saol daoine óga sa lá atá inniu ann, agus, gan an deireadh a nochtadh, scéal rabhaidh atá ann a mhúineann ceahcht an-úsáideach faoi bheith ag caint le stainséirí. 12-14 Siobhán McNamara, Inis , Samhradh 2014 *Eachtra pinn Áine faoi scéal comhaimseartha* Seanduine eile ach seanathair atá le fáil i leabhar nua, Áine Ní Ghlinn, Daideo (Cois Life, €6). Scéal gasúir óig atá ag teitheadh óna thuismitheoirí atá ann agus seanduine atá ag iarraidh éalú óna pháistí féin. Castar ar a chéile iad, éisteann siad le chéile ach cén toradh a bheidh ar an chumann úr seo agus iad ag taisteal ar an traein go Baile Átha Cliath? Oiread chéanna le Standún, is fada Ní Ghlinn i mbun pinn agus tá a chuid féin déanta aici de scríbhneoireacht na n-óg. Tá ceithre chnuasach filíochta agus 18 leabhar do dhéagóirí agus go léitheoirí óga scríofa aici. Bhain an leabhar áirithe seo duais Oireachtais na Gaeilge sa bhliain 2013. The Irish Times , 30 Lúnasa 2014