Aisling nó Iníon A

A horrific event makes Aisling and her family question everything they once believed.

10.00

In stock

Start reading >>

This novel, set in Dublin in the present day, is about a teenager from a very traditional background, Aisling, who has begun to challenge her mother’s right-wing ideals. As the conflict between them escalates, a horrific event turns their lives upside down and they both begin to question everything they used to believe in. Some controversial issues are at the forefront of this story, including abortion.



Weight 100 g
Published
Cover

bog

Pages

‘Turas aislingeach’: blag le Réaltán Ní Leannáin ‘Is cuntas é go príomha ar theacht in aois chailín óig. Tá an caidreamh agus an teannas idir an déagóir is an mháthair ina phríomhthéama a ritheann síos tríd an scéal iomlán. Caitheann Aisling go leor dá cuid fuinnimh ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach óna máthair, Eibhlín, agus tarlaíonn go leor síos tríd an bhliain scoile a ndeachaigh go leor tuismitheoirí agus daoine óga tríd. Tá páirt an chailín deartha go cruinn ag an údar.’ Léigh an léirmheas ar fad [anseo.]:[http://turasailse.blogspot.ie/2015/10/turas-aislingeach.html] Léirmheas ag scoláirí ó Scoil Chaitríona, An Timire Earrach 2016, lch. 34 ‘Léigh mé an leabhar Aisling nó Iníon A le hÉilís Ní Dhuibhne. Ar an gcéad dul síos, is leabhar drámatúil réadúil é faoi Aisling agus í ag déileáil le ginmhilleadh, rud atá go mór i mbéal an phobail i láthair na huaire. Tá an leabhar seo dírithe ar dhéagóirí agus ar dhaoine fásta mar gheall gur déagóir í an príomhcharachtar agus go bhfuil sí ag iompar clainne. Is í Aisling an príomhcharachtar sa scéal. Is déagoir í agus tá sí ina cónaí i gCluain Tarbh i mBaile Átha Cliath. Is innealtóir é a hathair agus is captaen loinge é chomh maith, mar sin bíonn sé i gcónaí ó bhaile. Tá a máthair traidisiúnta coimeádach. Tá sé fíor a rá go bhfuil tuismitheoirí Aisling an-dian uirthi mar a bhíonn go leor tuismitheoirí. Is scéal é seo faoi Aisling atá ag iompar clainne agus faoina turas go Sasana chun ginmhilleadh a fháil. Cuireann sé seo ag smaoinmeamh í faoina saol go dtí seo agus faoina máthair. Is maith liom an scéal seo mar ceapaim gur scéal suimiúil é. An t-aon locht a bheadh agam air ná go raibh sé saghas deacair do dhéagóirí an teanga a thuiscint ach bhí an scéal an-suimiúil.’ Sliocht ó léirmheas san iris Comhar , Deireadh Fómhair 2016. Éiríon le Ní Dhuibhne críoch chumhachtach a chur leis an scéal agus tá sí le moladh as a bhfuil bainte amach aici sa leabhar. Téama nach bpléitear go minic i litríocht do dhéagóirí is ea an ginmhilleadh agus ar nós @TwoWomenTravel , stróiceann Ní Dhuibhne an tost den ábhar.

You may also like…