Scéalta aicsin atá sa tsraith leabhar seo mar gheall ar chearthrar páistí agus madra a théann i ngleic leis an taobh dorcha den saol le linn eachtraí éagsúla. Ní théann siad sa tóir ar na contúirtí a thagann rompu. Ach le linn turais éigin, casann siad ar ghadaí nó ar fhuadaitheoir agus éiríonn leis an gCúigear Cróga an lámh in uachtar a fháil orthu. Bíonn ról ar leith ag madra sna s¸ealta. Cuireann sé scéin ar na ró©airí nó bíonn tuiscint speisialta aige ar an méid atá ag titim amach roimh na carachtair eile.
Is éasca tuiscint cén fáth a mbeadh na scéalta mealltach do léitheoirí óga. Baineann siad le páistí a thugann aghaidh ar dhúshláin ón domhan fásta. Faigheann siad tacaíocht ó dhaoine fásta agus óna madra fíochmhar. Ach éiríonn leo an teorainn idir an óige agus an aosacht a thrasnú ar bhealach sábháilte agus an status quo a chosaint. Tá an teachtaireacht sách coiméadach: is éasca rógairí a aithint ón gcuma atá orthu agus is é an réiteach ar fhadhbanna na sochaí cabhrú leis na póilíní na daoine sin a chur faoi smacht.
Léirítear spiorad na bpáistí agus na dúshláin a sháraíonn siad ar bhealach dúshláin a sháraíonn siad ar bhealach bríomhar sna haistriúcháin, atá oiriúnach don aoisghrúpa. Cuirtear mothúcháin na bpáistí (agus an mhadra!) in iúl go beoga freisin sna léaráidí, atá lán de ghreann agus de ghluaiseacht. Tá trí leabhar eile sa tsraith: Saoire na Samhna (Leagan Gaeilge le Gormfhlaith Ní Thuairisg chomh maith), agus Tá Gruaig George Rófhada agus Tráthnóna Dímhaoin (Leagan Gaeilge le Máirín Ní Ghadhra). 8-10.
Léirmheas san iris Inis le hÓrla Ní Chuilleanáin