Sale!

Coranna

3.00

In stock

Amy and Jack are brother and sister and they love to visit their great-grandmother Mammy Nan. She’s a great storyteller full of stories about times gone by and she always gives them ice-cream. Their favourite story is about Coranna, the racehourse that won the Chester Cup in 1846 and how the prizemoney was spent on helping the poor tenants who were dying during the Great Irish Famine in Mayo, Ireland. 

Weight 100 g

This review is only available in Irish http://mauralynskey.wordpress.com/2014/04/15/leirmheas-ar-coranna-le-padraig-standun-foilsithe-in-feasta-aibrean-2014/Is scríbhneoir gníomhaí agus sagart é an Standúnach a bhfuil cáil air as ucht ha hiliomad úrscéal atá curtha i gcrích aige. Is úrscéal do dhaoine óga é Coranna. Is ionann Coranna agus ainm chapaill. Cé gur insítear scéal an chapaill seo sa leabhair seo, tá an saothar lomlán le ceachtaí an tsaoil don léitheoir óg agus iad curtha in iúl dóibh (den chéad uair b’fhéidir) ar phár.

Scéal inspioráideach Coranna atá ina bhunchloch an tsaothair seo agus ní haon iontas gurb é seo an chéad scéal a chuirtear os comhair an léitheora ag na príomh-charachtair. Is iad Amy agus Jeaic na gásúir. Is í Mamaí Nain seanmháthair a máthar an scéalaí. Is maith le scríbheoirí Gaeilge úsáid a bhaint as an mhodh ordaitheach chun an prós a choinneáil simplí do léitheoirí óga. Mar sin is í an chéad abairt sa leabhar seo ag Amy ná “inis dúinn faoi Choranna, a Mhamaí Nain.” Déanann Mamaí Nain cur síos ar chúlra stairiúil an scéil i dtús báire. Dar léi, “…bhí formhór na ndaoine sa taobh seo tíre beo bocht fadó.” Aimsir an Ghorta Mhóir a bhí ann in Éirinn. Bhí na mílte daoine ag fáil bháis leis an ocras in iarthar na tíre ach go háirithe toisc gur tháinig galar dubh ar na fataí. Bhí capall darbh ainm Coranna ag an tiarna talún – muintir Uí Mhórdha – sa cheantar áitiúil thart ar lár an 19ú hAois. Bhíodh rás cáiliúil do chapaill ar a dtugadh an Corn Chester ar siúl i Sasana gach bliain (maireann an rás seo suas go dtí an lá atá inniu ann). Ghlac Coranna páirt sa rás seo agus cé gur ceapadh go forleathan nach mbeadh seans dá laghad ag an gcapall ba í Coranna a bhuaigh Corn Chester i gcroílár an Ghorta Mhóir in 1846 agus fuair muintir Uí Mhórdha duais de £17,000 dá bharr. Chaith an chlann an t-airgead duaise ar mhaithe leis na tiontóntaí bochta a bhí ag fáil bháis leis an ocras in iarthar na tíre. Gan dabht is é seo buaicphointe an scéil. Ina theannta sin, tagann grá Amy do chapaill chun cinn freisin nuair a deir sí “b’fhearr liom capall ná deartháir lá ar bith” agus dá mbeadh capall aici is é Coranna a thabharfadh sí mar ainm ar an ainmhí. Ní amháin go bhfuil scéal stairiúil maidir leis an nGorta Mór ag Mamaí Nain ach cuirtear in iúl don léitheoir go bhfuil scéalta eile aici ar ábhair eile nach iad.

Lá amháin tháinig Amy abhaile ón scoil á rá go raibh aiste le scríobh aici “faoin luíochán a bhí ann fadó.” Ní raibh Mamaí Nain ach sé bliana déag “in aimsir na mBlack and Tans” in Éirinn. Tharla go raibh luíochán ina ceantar áitiúil i rith an tréimhse sin. Toisc nach raibh ach teileafón amháin sa cheantar iarradh ar Mhamaí Nain “scéala a thabhairt chuig Teach an Phosta fios a chur ar dhochtúir mar go raibh fir gortaithe amuigh i measc na gcnoc”. B’éigean di an “Crossley Tender” (sin an t-ainm a bhí ar na leoraithe a bhí ag saighdiúirí Shasana ag an am) a sheachaint chun cúnamh dochtúra a fháil don bhuíon fear armtha a raibh i bhfolach sna cnoic is sna sléibhte. Ar ndóigh níorbh fholáir di bréag a insint leis an ndochtúir ionas go dtiocfadh sé i gcabhair ar na fir seo. Chuige seo, chuir sí “scéala chuig an dochtúir gur thit fear anuas ó dhréimire agus go raibh sé gortaithe.” D’éirigh leis na hÉireannaigh an lámh an uachtar a fháil ar shaighdiúirí Shasana toisc gurbh fhearr “an t-eolas a bhí ag leaideanna s’againne ar na cnoic sin ná fir óga ó chathracha móra i Sasana”. Mar sin féin , “maraíodh an iomarca ar an dá thaobh”, a dúirt Mamaí Nain. Níl anseo ach dhá scéal ó Mhamaí Nain. Bhí neart scéalta aici ón seansaol – ní nach ionadh toisc go raibh céad bliain bainte amach aici. Fuair sí seic míle euro ó Uachtarán na hÉireann ar a lá breithe. Thug sí “seic cúig chéad euro” do Amy agus do Jeaic an lá céanna. Bhí lúcháir ar Amy toisc go raibh “luach Choranna” aici anois. Níor mhair Mamaí Nain, áfach, ach bliain i ndiaidh di lá breithe céad bliain a cheiliúradh.
Review by Maura Lynskey in FEASTA, April 2014. Also available to read at Maura Lynskey’s blog http://mauralynskey.wordpress.com/2014/04/15/leirmheas-ar-coranna-le-padraig-standun-foilsithe-in-feasta-aibrean-2014/