Rogha an údair atá anseo dá chuid colún An Peann Coitianta 1997–2003, ábhar nár foilsíodh cheana i bhfoirm leabhair. Cuimsíonn siad na gnéithe is fearr den réimse forleathan ábhair a saothraíodh, ón saol sráide go dtí an móinteán sléibhe, ón ngreann bearrtha go dtí an tubaiste shaolta, ón machaire iomána go dtí an gairdín cúil, i stíl a shíneann ón teanga chlasaiceach go dtí an Criól comhaimseartha. Ina dteannta sin tá aiste chuimsitheach ar a thaithí féin ar an gcolúnaíocht agus ar an scríbhneoireacht chruthaitheach. Shaothraigh an t-údar a cholún seachtainiúil in The Irish Times ó 1989 go dtí 2003. Bhí an-ráchairt ar an dá chnuasach a foilsíodh cheana i bhfoirm leabhar, An Peann Coitianta (1991) agus An Peann Coitianta 2 (1997). Tá cnuasaigh filíochta, drámaí agus úrscéalta foilsithe aige freisin.
Ar an bpeann
Rogha an údair atá anseo dá chuid colún “An Peann Coitianta” 1997-2003 ó The Irish Times . A collection of the author’s choice from his column “An Peann Coitianta” 1997-2003 in The Irish Times .
€7.50
Níl stoc ar fáil