Tomás na hOrdóige: Eagrán Nua

40.00

https://cic.ie/poster-downloads-for-teachers/?lang=en

**EAGRÁN NUA* Ar fáil Meán Fómhair
Pacáiste Scéalta, Drámaí agus Cluichí do Mhúinteoirí Bunscoile
Is breá le gach uile pháiste scéal. Áirítear an scéalaíocht ar cheann de na straitéisí is éifeachtaí atá ag an múinteoir. Tá béim curtha ar an scéalaíocht i gCuraclam Teanga na Bunscoile (2019) leis an Snáithe Teanga Ó Bhéal. Moltar go mbeadh na páistí ag éisteacht le teanga i gcomhthéacs agus ag úsáid na teanga ó athinsint a dhéanamh ar scéal atá ar eolas trí phictiúir/phuipéid a úsáid, sraith pictiúr a chur in ord agus labhairt fúthu.
Is é sin go díreach atá ar siúl ag na páistí a úsáideann an pacáiste idirghníomhach teagaisc seo.
(www.curriculumonline.ie na hUirlisí Úsáide agus Ábhar Tacaíochta)
1.  Cochaillín Dearg 
2.  Cinnín Óir agus na Trí Bhéar 
3.  An Tornapa Mór 
4.  Na Trí Mhuc 
5.  An Buachaillín Sinséir 
6.   An Chircín Bheag Rua
7.   Tomás na hOrdóige
8.   Luaithríona
9.   Hansel agus Gretel
10.  Jeaic agus an Gas Pónaire
• Dírithe ar pháistí bunscoile ó na naíonáin ar aghaidh
• Sé phictiúr lannaithe A4 le gach scéal
• Dráma gearr simplí le gach scéal
• Patrúin i gcomhair masc agus puipéad láimhe agus méar
Léitheoireacht
Tabharfaidh na scéalta agus na gníomhaíochtaí sa phacáiste seo blas do na páistí ar thús na léitheoireachta.
Nóirín Ní Nuadháin
Iarléachtóir le Teagasc na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, í Nóirín Ní Nuadháin. Bhíodh sí ag plé le bunmhúinteoirí faoi oiliúint agus á ngríosadh chun scéalta a insint do na páistí. Bhí baint aici leis an gCuraclam Gaeilge agus leis na Treoirlínte do Mhúinteoirí Gaeilge, 1999.  Tá spéis faoi leith aici i múineadh na Gaeilge sa bhunscoil. Bíonn sí de shíor ag lorg straitéisí éagsúla i gcomhair na múinteoirí chun Gaeilge a mhúineadh, agus do na páistí chun í a fhoghlaim.
Meáchan 735 g
Toisí 29.5 × 21.2 × 1 cm

Seans gur spéis leat...