Gaeilge gan Stró-Intermediate

35.00

Stoc ar fáil

Is cúrsa teanga ilmheán é Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá sé oiriúnach do dhaoine a bhfuil staidéar déanta acu ar an nGaeilge ag am éigin ina saol agus a thuigeann méid áirithe den teanga. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo muinín a thabhairt do dhaoine, scileanna teanga a mhúineadh dóibh a chuirfidh ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge i gcomhthéacsanna laethúla agus cabhrú leo cainteoirí Gaeilge ó áiteanna éagsúla sa tír a thuiscint. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach tugtar deiseanna don fhoghlaimeoir an teanga a scríobh agus a léamh freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.

Is éard atá sa chúrsa seo ná leabhar agus 100+ comhaid fuaime gur féidir íoslódáil. Tá leagan ar líne den chúrsa ar fáil ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, www.ranganna.com. Is féidir an leabhar agus na comhaid fuaime a úsáid neamhspleách ar an gcúrsa ar líne.

Tá sé mar aidhm ag Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level cabhrú leo siúd a thabharfaidh faoin gcúrsa:

• cur go mór lena líofacht sa Ghaeilge;

• Gaeilge níos cruinne a labhairt;

• cur go mór lena stór focal;

• cainteoirí as canúintí éagsúla a thuiscint;

• cur lena scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta;

• tuiscint a fháil ar ghnéithe éagsúla den ghramadach.

Meáchan 900 g

Seans gur spéis leat...