Seoladh “Tigh Choilm: Ceol na gCualáin” ag Féile Joe Éinniu 14 Aibreán 2023 – Posted in: Seoltaí leabhar – Clibeanna: Ceol CIC, Neansaí Ní Choisdealbha
Tigh Choilm: Ceol na gCualáin – Albam in ómós do “Musical Academy Charna” le seoladh ag Féile Joe Éinniú
Seolfaidh Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, an t-albam nua Tigh Choilm: Ceol na gCualáin mar chuid d’ócáid seolta dlúthdhioscaí le linn Fhéile Joe Éinniú, ar an Domhnach, 7 Bealtaine ag 4.00 in in Ionad na nImirceach Carna.
Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta a d’fhoilsigh agus is í an ceoltóir agus craoltóir Neansaí Ní Choisdealbha a léirigh an t-albam. Tá sé tiomnaithe don chraoltóir Bríd Ní Chualáin a bhásaigh i 2021.
Bhí Neansaí agus Bríd ina gcomhghleacaithe in RTÉ Raidió na Gaeltachta agus chuir siad tús leis an obair ar an albam seo sular thosaigh an phaindéim in 2020. Togra é seo a bhí gar dá croí ag Bríd Ní Chualáin agus shocraigh Neansaí agus buíon oibre an t-albam a thabhairt go ceann scríbe i gcuimhne ar Bhríd agus in ómós d’oidhreacht cheoil mhuintir Chualáin.
Trí ghlúin de mhuintir Chualáin atá le cloisteáil ar an dlúthdhiosca seo i dtaifeadtaí a rinneadh thar thréimhse breis is trí scór bliain, ó dheireadh na 1950idí anuas go dtí an lá inniu. Idir cheol uirlise, amhráin agus damhsa, fianaise an saothar seo ar theaghlach a thug leo an chuid is fearr dá ndúchas agus nár ualach orthu a gceird. Bhí cumas agus inniúlacht mhuintir Chualáin aitheanta ag an mbailitheoir ceoil Séamus Ennis (1919–82) chomh fada siar leis na 1940idí, agus ba le teann measa ar an teaghlach céanna a bhaist sé “Musical Academy Charna” orthu (uí Ógáin: 2007, 155).
Níl sna taifeadtaí seo, ar ndóigh, ach cuid an bheagáin de thaisce cheoil mhuintir Chualáin, ach is saothar é a chuireann aoibhneas ar an gcluais agus ag an am céanna a dhéanann comóradh ar dhaoine a raibh cumas agus ceird faoi láthair acu. Tarraingíonn an cnuasach seo freisin aird ar oidhreacht an cheoil uirlise in Iorras Aithneach agus cuireann lenár dtuiscint ar phróifíl chultúrtha an cheantair. Chomh fada is a bhaineann leis an gceol fhéin, tá an fiúntas céanna sa gceol inniu is a bhí trí ghlúin ó shin sa méid is go dtugann sé daoine le chéile, go spreagann sé cuimhní agus, thar rud ar bith eile, go saibhríonn sé an saol. Go raibh sé choíche amhlaidh.
– sliocht as Na Cualáin: “Musical Academy Charna” le Róisín Nic Dhonncha.
Seoladh "Tigh Choilm: Ceol na gCualáin"
