Seoladh Súile Éisc agus Scéalta Eile le Michelle Nic Pháidín 6 December 2023 – Posted in: Book launch – Clibeanna:

CUIREADH

Seoladh Leabhair

Ba mhór ag Cló Iar-Chonnacht, An Ceathrú Póilí agus Michelle Nic Pháidín thú a bheith i láthair nuair a sheolfaidh Dónall Mac Giolla Chóill an leabhar

Súile Éisc agus Scéalta Eile

Michelle Nic Pháidín

 In An Ceathrú Póilí, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste

Dé Sathairn, 9 Nollaig ag 1:00 i.n.

Seo an chéad leabhar gearrscéalta ó pheann Mhichelle Nic Pháidín. Tugtar ar iliomad turas intinne muid sa chnuasach seo: chuig saol na samhlaíochta i gcuid de na scéálta; léirítear saol an cheantair ina bhfuil sí ina cónaí i gcuid eile; agus faightear blas na farraige sa chuid eile. Tá éagsúlacht as cuimse sa chnuasach seo ó thaobh ghlór an scéalaí.

Insítear na scéalta ag úsáid réimse leathan daoine, páistí, mná agus fir agus a scéal féin á inse acu. Tá scéalta grá, scéalta díoltais agus scéalta dúchais le fáil sa leabhar seo. Díríonn an scéalaí ar éagsúlacht scéalta a chur ar fáil, agus faightear sin.

« Seoladh Ag Cur Chun Fónaimh: Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith
Mórsheoladh leabhair ag IMRAM »