Seoladh ‘Seán Ó Ríordáin: Na Dialanna 1 & 2, 1940’ 16 Feabhra 2023 – Posted in: Nuacht

Ba mhór ag na foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht agus ag an Dr Pádraig Ó Liatháin thú a bheith i láthair nuair a sheolfaidh an tOllamh Emerita Máirín Nic Eoin

Seán Ó Ríordáin

Na Dialanna 1 & 2, 1940

Pádraig Ó Liatháin a chuir in eagar

in Áras Scríbhneoirí na hÉireann, 19 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath 1, D01 E102

 Dé Céadaoin, 1 Márta, 2023 ag 6:30 i.n.

Clúdach an leabhair Seán Ó Ríordáin Na Dialanna 1 & 2, 1940

Sa bhliain 1984 cheannaigh Leabharlann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, páipéir Sheáin Uí Ríordáin, ina measc a dhialann inar breacadh iontrálacha dialainne go rialta ó 1940 go dtí 1977, an bhliain ar cailleadh é.

Is i 49 cóipleabhar nó comhad atá na dialanna sin le fáil anois. Is é atá sna dialanna ná ceann de na samplaí is faide den scríbhneoireacht rialta, leanúnach dá bhfuil againn in Éirinn san fhichiú haois, i mBéarla nó i nGaeilge.

Cé go bhfuil iontrálacha ó chuid bheag de na dialanna i gcló cheana féin i, tá sé ríthábhachtach an t-ábhar seo a fhoilsiú ar bhonn níos iomláine le go bhfaigheadh pobal na Gaeilge tuiscint cheart ar an saothar mórthaibhseach seo, saothar a thugann éachtaint ar aigne scríbhneora bhisiúil, agus a nochtann Ó Ríordáin mar fhinné ar ré chorrach i stair na hÉireann agus an domhain mhóir.

Is ollamh cúnta é an Dr Pádraig Ó Liatháin in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus is suim leis litríocht na Gaeilge ón 17ú haois go dtí an lá inniu. Iar-eagarthóir Gaeilge é ar Eighteenth Century Ireland: Iris an dá chultúr. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht a eagrán criticiúil den dán ‘Eachtra Ghiolla an Amaráin’ le Donncha Rua Mac Conmara sa bhliain 2018. Comheagarthóir é, leis, ar na leabhair Ar an imeall i lár an domhain: Ag trasnú tairseacha, staire, teanga agus litríochta (2021), Litríocht na Gaeilge ar fud an domhain I agus II (2016), agus Ó Chleamairí Go Ceamaraí: Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge faoi chaibidil (2021).

Faoi láthair tá sé ag obair ar mhórthionscadal taighde . i. dialanna Sheáin Uí Ríordáin a thras-scríobh agus a chur i gcló, agus tá an chéad imleabhar Seán Ó Ríordáin: Na Dialanna 1 & 2, 1940, foilsithe anois.

Cuireadh Seoladh Leabhair - Seán Ó Ríordáin

« Seoladh Béal na Péiste le Fionntán de Brún in An Ceathrú Póilí
Seoladh Raidió na Gaeltachta Cultúr & Pobal »