Seoladh ‘Sáinnithe: Scéal Íobartaigh’ le Peadar G. Ó Máille 28 Samhain 2024 – Posted in: Book launch – Clibeanna:

Seoladh ‘Sáinnithe: Scéal Íobartaigh’ le Peadar G. Ó Máille

Beidh an leabhar nua Sáinnithe: Scéal Íobartaigh le Peadar G. Ó Máille á sheoladh ag ócaid i dTigh Mholly, an Lochán Beag, Indreabhán ar an Satharn, 7 Nollaig ag 8:00 i.n.

CUIREADH

Ba mhór ag Peadar G. Ó Máílle agus Cló Iar-Chonnacht thú a bheith i láthair nuair a sheolfaidh Norita Ní Chartúir an leabhar nua Sáinnithe: Scéal Íobartaigh le Peadar G. Ó Máille.

Seolfar an leabhar i dTigh Mholly, an Lochán Beag, Indreabhán ar an Satharn, 7 Nollaig, 2024 ag a 8:00 i.n.

Tá fáilte roimh chách.

SÁINNITHE 

Scéal Íobartaigh 

le Peadar G. Ó Máille

Foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht

Clúdach bog, €15

Naoi mbliana d’aois a bhí an t-údar nuair a rinne duine den chléir ionsaí gnéis air agus é ar scoil, ag tús na seascaidí. Sa leabhar seo, tugann sé cuntas corraitheach ar na drochghníomhartha sin, agus cíorann sé an lorg agus an bhail a d’fhág na heachtraí seo air.

Tugann an scrúdú a dhéanann sé ar a scéal pearsanta féin é ar aistear, mar a rianaíonn sé an cúlra staire, socheolaíoch agus reiligiúnach a d’fhág nach éan cuideáin é i measc iobartaigh iomadúla na tréimhse sin in Éirinn – agus go deimhin roimhe agus ina dhiaidh, ach duine de dhream líonmhar atá fágtha ar an bhfaraor géar.

Tugann sé aghaidh ar institiúidí agus ar eagraíochtaí éagsúla de chuid na hEaglaise agus an Stáit, atá tiomanta, mar dhea, do leas agus do shábháilteacht aos óg na hÉireann, ach is léir gurb é a ndea-cháil agus a gcuid maoine féin a chosaint an chéad chloch ar a bpaidrín, beag beann ar ghlórtha na n-iobartach agus iad ag éileamh an chóir.

« Uaireanta oscailte na Nollag 2024
An Ghluaiseacht Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta »