Seoladh SA PHOLL BÁITE le Anna Heussaff 3 Deireadh Fómhair 2023 – Posted in: Nuacht, Book launch – Clibeanna: ,

Tá áthas ar Chló Iar-Chonnacht a fhógairt go mbeidh an t-úrscéal nua SA PHOLL BÁITE le Anna Heussaff á sheoladh i mí Dheireadh Fómhair.

Is í an t-iriseoir agus láithreoir teilifíse agus raidió Sinéad Ní Uallacháin a sheolfaidh an leabhar go hoifigiúil ag ócáid in Áras Scríbhneoirí na hÉireann, Cearnóg Pharnell i rith na féile IMRAM ar an gCéadaoin, 18 Deireadh Fómhair ag 6:30 i.n. 

‘Scéal síor-bhríomhar, drámatúil a thugann an léitheoir ó chathair go tuath agus ó ghean go gráin in Éirinn an lae inniu, i bprós álainn a ghríosfaidh éirim, fiosracht agus iontas an léitheora ar chuile leathanach.’

– Cormac Ó hEadhra, láithreoir DRIVETIME ar RTÉ Radio 1

Is úrscéalaí aitheanta, ildánach í Anna Heussaff. Tá SA PHOLL BÁITE ar an gceathrú mistéir coireachta léi do léitheoirí fásta, sa tsraith ina bhfuil BÁS TOBANN (Cois Life, 2004), BUILLE MARFACH (CIC, 2010) agus SCÁIL AN PHRÍOSÚIN (CIC, 2015).

Bronnadh Gradam Speisialta na Moltóirí ag duaiseanna CBI/Leabhair Pháistí Éireann ar HÓNG (CIC 2012), atá ar liosta molta na Sraithe Sóisearaí mar aon le SÁRÚ (CIC 2017).

Clúdach an leabhair Sa Pholl Báite le Anna Heussaff

Tá Emer Uí Ghríofa imithe gan tásc. I gcúinne uaigneach ar bhruach na Life a aimsíonn an Garda Réamonn Seoighe a corp. Tá a mac, Dan, cráite faoina bás ach cén drogall atá air labhairt leis na gardaí?

Tá Colmán Ó Gríofa ina theach saoire ar leithinis Bhéarra an deireadh seachtaine céanna, é scartha ó Emer ach dílis di i gcónaí.

Tacaíonn a chomharsa Aoife Nic Dhiarmada leis agus í ag éirí gafa sa chás. Tá noda fiúntacha agus fianaise bhréige á scagadh aicise agus ag na gardaí; tá faire faoi cheilt ar siúl istoíche agus an t-am ag sciorradh. An nochtfar an ciontóir sula ndéanfar an dara marú?

‘Úrscéal cliste, cumasach a phléann go híogair le ceisteanna comhaimseartha. Tá luas breá faoi agus leibhéal na teanga fíor-oiriúnach do léitheoirí lánlíofa nó measartha líofa.’

– Sinéad Crowley, úrscéalaí, comhfhreagraí ealaíon agus meáin le RTÉ

Is úrscéal cumhachtach é SA PHOLL BÁITE a chaitheann solas géar ar choimhlintí sóisialta agus ar an nimh i gcroí an duine.

Bhain an saothar seo duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.

 

« Seoladh ‘Cois Fharraige by the Sea’ le John J. Keady
Ceardlann do chumadóirí amhrán Gaeilge »