Seoladh Raidió na Gaeltachta Cultúr & Pobal 1 Samhain 2022 – Posted in: Nuacht – Clibeanna:

Seoladh

Dé hAoine, 4 Samhain ag 12 meánlae ag Aonach an Oireachtais

Oireachtas na Samhna, 2022

Seolfaidh Dara Ó Cinnéide an leabhar Raidió na Gaeltachta Cultúr agus Pobal le Dáithí de Mórdha. Tá fáilte roimh chách

Tugtar féachaint sa leabhar seo ar an dtionchar atá imeartha ag Raidió na Gaeltachta (RnaG) ar shaol agus ar chultúr mhuintir na Gaeltachta ó bunaíodh an tseirbhís lán-Ghaeilge i 1972.

Déantar scéal Raidió na Gaeltachta a insint trí fráma tagartha an bhéaloidis agus na heitneolaíochta, den gcéad uair. Tugtar léargas ann ar stair na meáin chumarsáide in Éirinn roimh theacht RnaG, agus i bpobail bundúchasacha agus mionlacha ar fud an domhain, agus go háirithe an tslí inar léiríodh cultúr na bpobal úd ar an raidió. Tá cur síos anseo ar na cúinsí inar bunaíodh RTÉ Raidió na Gaeltachta maidir le saol na Gaeltachta mar a bhí ag an am, agus i gcomhthéacs gluaisteachtaí agóide idirnáisiúnta maidir le cearta sibhialta agus cearta daonna agus an bhaint a bhí ag cúrsaí na meáin chumarsáide leis na gluaiseachtaí seo.

Is as Dún Chaoin i gceantar Ghaeltachta Chorca Dhuibhne do Dháithí de Mórdha. Is Iriseoir, léiritheoir agus láithreoir é le RnaG, agus is é atá i mbun na sraithe Cartlann Bhóthar na Léinsí. Tá sé ina léachtóir cúnta le Stair & Antraipeolaíocht i Roinn na Socheolaíochta, Ollscoil an Chroí Ró-Naofa, Fairfield Connecticut & ar a gcampas sa Daingean, Co. Chiarraí.

Raidió na Gaeltachta Cultúr agus Pobal

Leabhar le Dáithí de Mórdha.

Ceannaigh an leabhar >>

« Seoladh ‘Seán Ó Ríordáin: Na Dialanna 1 & 2, 1940’
Seoladh Ór agus Mil le Dave Duggan i gCultúrlann Uí Chanainn »