Seoladh Ór agus Mil le Dave Duggan i gCultúrlann Uí Chanainn 11 Deireadh Fómhair 2022 – Posted in: Nuacht – Clibeanna:

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh an t-úrscéal nua Ór agus Mil le Dave Duggan á sheoladh i gCultúrlann Uí Chanainn, Doire ar an gCéadaoin, 19 Deireadh Fómhair, 2022 ag a 6:00 i.n. Cuirfidh aisteoirí míreanna ón leabhar i láthair beo ar an oíche agus beidh seirbhís ateangaireachta ó Ghaeilge go Béarla ar fáil ar an oíche.

Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le foireann Chultúrlann Uí Chanainn as gach tacaíocht leis an ócáid seo a eagrú mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Leabhar 2022.

Beidh an t-údar Dave Duggan i láthair ar an oíche agus ag síniú cóipeanna Ór agus Mil agus buíochas mór le Jenni Doherty ó Little Acorns Bookstore a bheidh i láthair ar an oíche agus cóipeanna den leabhar ar fáil le ceannacht.

Scríbhneoir é DAVE DUGGAN a bhfuil cónaí air i nDoire agus a bhfuil úrscéalta ardmholta agus scripteanna scannáin Oscar-ainmnithe scríofa aige. 

“Tá na teamaí céanna á phlé agam san úrscéal Ór agus Mil is a bhfuil faoi chaibidil san úrscéal Makaronik. Cen dóigh a réitíonn daoine lena chéile nuair a bhfuil siad faoi bhagairt? Ach más scéal diostóipeach é Makaronik, suite sa todhchaí, is scéal dóchasach é Ór agus Mil, a bhfuil ar siúil san gnath-shaol, anois láithreach. Maraon le grá agus gruaim, mar a bhfuil in Makaronik, anois tá gnó, as a chothaíonn Fiona agus Josie bua ar na bagairtí rompu.” – Dave Duggan

Clúdach an leabhair Ór agus Mil le Dave duggan

Clúdach an leabhair Ór agus Mil le Dave Duggan.

Cuirimid fáilte romhat a bheith linn nuair a chuirfidh sé an t-úrscéal is déanaí óna pheann i láthair. Suite i gcathair Dhoire an lae inniu, leanann an leabhar scéal bheirt cairde atá ag streachailt leis an saol is ag rith gnó le chéile. Conas mar a éireoidh leo?

Tá fáilte roimh chách go dtí an ócáid dhátheangach seo. Ní gá áirithint a dhéanamh roimh ré.

« Seoladh Raidió na Gaeltachta Cultúr & Pobal
Ceardlann Scríbhneoireachta Idirnáisiúnta »