Seoladh leabhair An Seol atá Fút 30 Samhain 2025 – Posted in: Book launch – Clibeanna:

Seoladh Leabhair 

Beidh an t-úrscéal nua An Seol atá Fút le Annemarie Nugent á sheoladh ag Réaltán Ní Leannáin ag ócáid i Siopa Leabhar Sheelagh-na-Gig i gCloch Siúrdáin, Co. Thiobraid Árainn ar an Domhnach, 7 Nollag ag 3:00 i.n. le linn Lá na Leabhar Gaeilge.

Tá fáilte roimh chách go dtí an ócáid. Cuirfear soláistí ar fáil.

 

 

 

 

 

Is scéal corraitheach seoltóireachta é An Seol atá Fút, le téama LADTA+ chomh maith. Buaileann Ríona le Mealla ag campa seoltóireachta samhraidh, agus bíonn seachtain iontach acu le chéile amuigh ar an bhfarraige.

Níl taithí ar bith ag Ríona ar an tseoltóireacht, agus níl mórán airgid ag a máthair chun níos mó ná campa seachtaine amháin a thabhairt di. Ní mar sin atá cúrsaí ag a cara nua Mealla. Tá an-chuid taithí aici siúd ar an tseoltóireacht, agus tá bád ag a teaghlach. Ach tá fadhbanna aici sa bhaile, agus fadhbanna eile aici leis na traenálaithe, agus ní mar a shíltear a bhítear.

Bíonn ar na cailíní dul i ngleic leis an dainséar agus leis an mbagairt, fad is atá caidreamh nua ag fás eatarthu.

An mbeidh na scileanna acu chun iad féin agus daoine eile a shábháil ón dainséar? Agus cad faoin gcaidreamh nua seo – an bhfuil an tsuim chéanna acu ina chéile? An grá é seo nó dlúthchairdeas?

 

Annemarie Nugent 

Is scríbhneoir cruthaitheach í Annemarie Nugent. Scríobhann sí úrscéalta, gearrscéalta agus splancscéalta. Ghlac sí páirt i Scéim Meantóireachta Fhoras na Gaeilge in 2021-2022, deis a chuir go mór lena cuid scileanna scríbhneoireachta. Is ball í de Aontas na Scríbhneoirí agus AerachAiteachGaelach, agus cabhraíonn sí le scéim Fighting Words na Gaeilge.

Bronnadh duais Oireachtais Ficsean Do Dhaoine Óga (13-15) uirthi dá céad úrscéal An Seol atá Fút in 2022. Tá dhá dhámhachtain faighte aici ón gComhairle Ealaíon, agus chaith sí roinnt tréimhse scríbhneoireachta sa Tyrone Guthrie Centre i gContae Mhuineacháin.

Tá Annemarie ina cónaí lena teaghlach san Éiceaphobal i gCloch Shiurdáin, Co. Thiobraid Árann, ach rugadh í i mBaile Átha Cliath. Chaith sí blianta ag obair mar leabharlannaí sa chathair sin. Is scríbhneoir, eagarthóir, aistritheoir agus múinteoir Gaeilge í anois. Is ceannaire Gasóg í le Gasóga na hÉireann, agus is trí Bhantreoraithe na hÉireann a bhfuair sí taithí ar an tseoltóireacht.