Seoladh Fuíoll Feá le Liam Ó Muirthile 8 Feabhra 2013 10 Feabhra 2013 – Posted in: Seoltaí leabhar
Bhí ócáid fhíorthaitneamhach ag Cois Life san Eaglais Úintéireach, Faiche Stiabhna, BÁC 2, dé hAoine 8 Feabhra tráth ar seoladh Fuíoll Feá: Rogha Dánta / New and Selected Poems le Liam Ó Muirthile. Is é seo an chéad mhór-rogha dá shaothar filíochta a foilsíodh agus an chéad leabhar dátheangach leis ina bhfuil leaganacha Béarla dá shaothar ann. Gabriel Rosenstock – mórfhile aitheanta eile agus sáraistritheoir – a d’aistrigh formhór na ndánta ach tá roinnt leaganacha eile sa leabhar le daoine eile ar nós Paul Muldoon, Peter Sirr agus eile.
Bhí idir cheol is fhilíocht ag an ócáid. Chuir an fear an tí, Cathal Póirtéir an oíche i láthair agus choinnigh stiúir ar an mbabhtáil idir na focail fhileata agus na nótaí maise ceoil. Léirigh sé tuiscint an scoláire agus é ag cur síos ar shaothar Liam ach níorbh fhada uaidh a chuid scileanna léiriúcháin – agus leathshúil aige ar an gclog ar feadh an ama! Le tús a chur leis an oíche sheinn Peter Browne roinnt dreasanna ceoil a mhacallaigh timpeall na heaglaise go binn. Ansin léigh Liam roinnt dánta as an gcnuasach agus d’aithris Gabriel ansin an t-aistriúchán a bhí déanta aige. Ansin rinneadh uainíocht le dreasanna ceoil le scoth na n-oirfideach: Peter Browne, Caoimhín Ó Raghallaigh agus Iarla Ó Lionaird. Luaigh Liam gur i stiúideo Iarla a rinneadh taifeadadh ar an dlúthdhiosca a ghabhann leis an leabhar, diosca ar a bhfuil roinnt dánta agus aistriúchán á n-aithris aige féin agus ag Gabriel.
Ghabh Liam buíochas le Gabriel ní hamháin as na haistriúcháin ach as an spreagadh agus as an gcabhair agus an gcairdeas uile thar na blianta. Ghabh sé buíochas freisin leis na haistritheoirí eile a bhfuil saothar leo sa chnuasach agus leo siúd ar tiomnaíodh dánta dóibh. Thagair sé go sonrach do bheirt atá ar shlí na fírinne agus a bhraith sé uaidh ar an oíche: Michael Davitt, file eile den bhuíon INNTI agus, mar a dúirt Gabriel, ‘fathach’, agus an tOllamh Bob Welsh, a cailleadh le déanaí agus a bhí ar an mbeagán a thuig an dá thraidisiún teanga in Éirinn. Gach seans gur bhraith an slua 150 duine a bhí an Eaglais Úinitéireach nach rófhada uathu a bhí an bheirt seo ar an oíche. Slua ildánach ilaoiseach a bhí ann – daoine ar mór leo an fhilíocht – agus an ceol.
Bhí an t-aos léinn i láthair go tiubh, ar ndóigh – chonacthas an tOll Alan Titley i láthair, mar shampla agus bhain slua ón dara bliain in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath atá ag staidéar an Bhéarla an-taitneamh as an oíche chomh maith. Tá Cois Life buíoch den Chomhairle Ealaíon agus d’Fhoras na Gaeilge as a dtacaíocht leanúnach. Tá buíochas ar leith ag dul do Kevin Robinson san Eaglais Úinitéireach as a chúnamh uile.