Seoladh Éagóir sa Teach Cúirte 20 May 2016 – Posted in: Gan chatagóir

Oíche aréir, seoladh an leabhar nua Éagóir: Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna le Seán Ó Cuirreáin. Bhíomar istigh i lár chathair Bhaile Átha Cliath, i dTeach Cúirte Shráid na Faiche, láthair chás cúirte na ndúnmharuithe Mhám Trasna timpeall is céad tríocha bliain ó shin. Ní mór an t-athrú atá tagtha ar an gCúirt ó shin, agus ba láthair rí-oiriúnach í don ócáid.

Is éard atá sa leabhar ná insint ar eachtra staire atá fós i ndaonchuimhne an phobail lenar bhain sí. Baineann an scéal le crochadh éagórach agus príosúnú saoil ar dhaoine neamhchiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóireacht agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle araon.

Is é Seán Ó Cearnaigh, Stiúrthóir Cois Life, a bhí ag obair mar fhear an tí don oíche ar fad.

Bhí Iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív TD i láthair chun an leabhar a sheoladh go hoifigiúil, agus is ón ngabhann cúirte a rinne sé a óráid.

Bhí garmhac le Máirtín Seoighe, Johnny Joyce, i láthair freisin chun labhairt faoina sheanathair agus faoin ngaol atá aige le scéal an éagóra.

Anuas air sin, bhí an ‘Breitheamh Barry’ linn chun a bhreithiúnas a rá os comhair an lucht féachana. Is é Cormac Ó Dúlacháin a rinne an léiriú drámatúil sin ar thaifead oigifiúil an bhreithiúnais.

Ar ndóigh, bhí Seán Ó Cuirreáin féin ann chun blaiseadh dá leabhar a thabhairt dúinn, agus é ina sheasamh i mbosca na bhfinnéithe sa chúirt.

Má chaill tú an seoladh, tá an leabhar féin ar fáil anseo>>

 

« Aoi-bhlag le Tony Candon: Léirmheas ar Lá leis na Lochlannaigh
Bí ag faire amach don fhear fada caol dubh! Tuairimí ag Katie Ní Loingsigh ar mhargadh Shéanna »