Seoladh an leabhair
Dé hAoine, 20 Deireadh Fómhair, 2023
ag 7:30 i.n.
An Crúiscín Lán, an Spidéal
Beidh an leabhar ar díol ar lascaine ag an seoladh agus ar fáil ar €15 in áit an ghnáthphraghas, €18.
Déantar plé agus cíoradh i Cois Fharraige (By the Sea) le John J. Keady ar chuid de stair daoine, imeachtaí agus institiúidí a bhí fairsing sa stráice talún sin le cósta idir na Forbacha agus Ros an Mhíl, nó Cois Fharraige mar is fear aithne air, san ochtú agus sa naoú céad déag.
Déantar cur síos cuimsitheach ar na huaisle agus na tiarnaí talún, idir Chaitliceach agus Phrotastúnach, a chuir fúthu san áit agus caitear súil ar na foirgnimh agus na séipéil a thóg said. Tá plé sa leabhar ar thionchar an Ghorta Mhóir sa cheantar agus cur síos ar dhíshealbhú míthrócaireach agus mídhleathach sa Tulaigh ag deireadh na bliana 1847.
Bhí dílleachtlann Phrotastúnach i sráidbhaile an Spidéil ó na 1950idí go dtí 1906 nuair a aistríodh na dílleachtaí go Baile Átha Cliath – pléitear an chonspóid a d’eascair as bíoblóireacht a bhí ceangaile le lucht na dílleachtlainne. Ar na hábhair nach bhfuil chomh tromchúiseach a phléitear, tá stair na dtithe tábhairne i sráidbhaile an Spidéil chomh maith le cuntas ar rásaí an Spidéil.
I mBéarla atá an leabhar seo.