Seoladh Béal na Péiste le Fionntán de Brún in An Ceathrú Póilí 20 Márta 2023 – Posted in: Nuacht, Seoltaí leabhar

Cuireadh chuig seoladh BÉAL NA PÉISTE le Fionntán de Brún

Seoladh Béal na Péiste le Fionntán de Brún

Ba mhór ag Cló Iar-Chonnacht, An Ceathrú Póilí agus Fionntán de Brún do chuideachta ag seoladh an úrscéil Béal na Péiste le Fionntán de Brún in An Ceathrú Póilí, Béal Feirste, ar an Satharn, 1 Aibreán ag a 1:00 i.n.

RSVP: An Chultúrlann

BÉAL NA PÉISTE Úrscéal nua le Fionntán de Brún

Nuair a thuirlingíonn eitilt Réamainn Prút i mBéal Feirste in 1988, tá sé ag filleadh ar a bhaile dúchais ina strainséir.

Cuireann sé sonrú sna fógraí móra a fheiceann sé d’uimhir fóin rúnda na bpéas, seirbhís lena dtig sceitheadh ar lucht sceimhlitheoireachta agus ualach a bhaint de do choinsias. Ach tá Réamann ag cuimhneamh ar a óige agus ar an deilín a bhíodh ag na seanmóirithe sráide tráth:

 

Come listen to my tale of Jonah and the whale;

Way down in the middle of the ocean!

 

Cuimhníonn sé fosta ar oíche chinniúnach i mí na Nollag 1942. An oíche ar léim sé amach as eitleán Gearmánach ar chósta Chontae an Dúin go ndearna a bhealach go dtí teach a thuismitheoirí tríd an dúdhorchadas.

Cad é a bhí ar siúl aige sa Ghearmáin agus cad é a dhéanfadh sé anois agus an tóir anuas air, ar siad?

Nuair a caitheadh Réamann Prút as béal na péiste sin in 1942 bhí aige le cosán cam a shiúl feasta ina gceisteofaí cuimhne agus dílseacht, ceart agus ciontacht – bealach aimhréidh idir Éire agus an Eoraip, ionsar bháire na fola in 1988.

« Seoladh “Tigh Choilm: Ceol na gCualáin” ag Féile Joe Éinniu
Seoladh ‘Seán Ó Ríordáin: Na Dialanna 1 & 2, 1940’ »