Seoladh ar líne ‘Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta’ ag Féile na bhFlaitheartach 24 September 2020 – Posted in: News

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Dr Éamon Ó Ciosáin a sheol an leabhar ‘Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta’ ag Féile na bhFlaitheartach Ar Líne 2020, le Máirín Mhic Lochlainn a léigh amach scéal ón gcnuasach don imeacht agus le Cumann Liam agus Tom Ó Flaithearta as gach cúnamh agus tacaíocht.

Ár mbuíochas leis an Dr Éamon Ó Ciosáin a sheol an leabhar Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta (aistrithe ag Mícheál Ó Conghaile agus foilsithe ag Cló Iar Chonnacht) mar chuid de chlár imeachtaí Féile na bhFlaitheartach ar líne.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin le coiste na féile as gach tacaíocht a thug siad dúinn leis an seoladh seo. Cliceáil ar an nasc seo chun breathnú ar an bhfíseán agus éisteacht leis an óráid ón Dr Ó Ciosáin ar leathanach Facebook an Liam and Tom O’Flaherty Society.

Éist leis an scéalaí Máirín Mhic Lochlainn ag léamh amach an scéil ‘An tSeanbhean’ ón gcnuasach
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an scéalaí Máirín Mhic Lochlainn a léigh amach an scéal ‘An tSeanbhean’ ón gcnuasach. Is féidir aithris iontach Mháirín ar an scéal seo a chloisteáil ach cliceáil ar an nasc seo.

« Online launch of ‘Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta’ during Féile na bhFlaitheartach Online 2020
Plé ar Ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain le Máire Ní Neachtain agus Máire Ní Chualáin »